Tá beagnach 100 seirbhís naíonra bunaithe sa Ghaeltacht le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Bunaíodh Óige na Gaeltachta Teo sa bhliain 2006 chun seirbhísí a fhorbairt agus a chur chun cinn, trí mheán na Gaeilge, do dhaoine óga sa Ghaeltacht.
Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn. Cuireann siad saothair nua agus chlasaiceacha ar stáitse ar shlí chruthaitheach agus i stíl ar leith.