Fibín

Bunaíodh Fíbín Teo. i gConamara sa bhliain 2003. Ba í an phríomhaidhm a bhí agus atá ag an gcomhlacht i gcónaí ná drámaíocht shiamsúil a chur ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Go dtí seo tá 40 seó léirithe ag Fíbín do lucht féachana ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Tá ag éirí leo an sprioc a leag siad síos an chéad lá riamh a bhaint amach agus leas á baint acu as na teicnící drámaíochta is nuálaí agus is físiúla dá bhfuil ann.
Is ceannródaithe iad Fíbín a ardaíonn caighdeáin i ndrámaíocht na Gaeilge. Tá lucht féachana na mblianta atá le teacht á gcothú agus á múnlú ionas go mbreathnaítear ar dhrámaíocht na Gaeilge ar bhealach spraíúil agus dearfach. Is é an misean atá acu lucht féachana agus déantóirí drámaíochta a chruthú amach anseo tar éis léirithe spreagúla.

Image of a scene from the play Pléasc

Meangadh Fíbín

De bharr gur éirigh chomh maith sin leis an máthair chomhlacht Fíbín Teo buníodh Meangadh Fíbín i 2008.

Díríonn an comhlacht seo go sonrach ar fhorbairt ábair/sraitheanna teilifíse do pháistí réamh scoile nó páistí bunscoile.

Image of a puppetry show based on the television series “Saol Faoi Shráid”

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Thug an tÚdarás cúnamh i bhfoirm deontais éagsúla thar na bliana don dá chomhlacht seo agus tá to leor duaiseanna bainte amach leis.

Tuilleadh eolais

Scene from the play An Triail
Image of a scene from the play Mac Piarais i bPictiúir
Image of puppeteers working on the on “Saol Faoi Shráid”