Deiseanna taighde agus forbartha

NEEDS ALT

Clár Taighde i gcomhar leis na hInstitiúidí Tríú Leibhéal

I gcomhar le hInstitiúidí Tríú Leibhéal cuirtear comhaoiniú ar fáil do roinnt sparánachtaí taighde iarchéime.  Tá na cláir taighde seo dírithe go sonrach ar na hearnálacha sin is mó poitéinseal forbartha don Ghaeltacht.  San áireamh anseo, tá sé i gceist dul i gcomhpháirtíocht leis na hInstitiúidí seo chun mic léinn iarchéime a chur ag obair ar réimse na turasóireachta cultúrtha (Tionscadail Pleanála Shlí an Atlantaigh Fhiáin, ach go háirithe), an fhuinneamh in-athnuaite, forbairt na mara agus forbairt na fiontraíochta.

Ta bunús na gclár taighde seo le haontú leis an Údarás agus é mar aidhm na scéime cur le réimse taighde agus pleanála praiticiúil i gcomhar le heagrais Stáit, le comhlachtaí tráchtála, le struchtúir forbartha pobail agus le geallsealbhóirí eile.

Eolas breise:  An Rannóg Taighde & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie 

Cumais Chun Fáis

Tá comhoibriú idir An Roinn Oideachais agus Scileanna agus na Fóraim Scileanna sin go bhfuil freagracht i leith na Gaeltachta orthu. Dá réir sin beidh iniúchadh scileanna á dhéanamh i measc cliaintchomhlachtaí an Údaráis ar bhunús leanúnach.

Deimhneoidh sé seo cruinneas maidir leis an mbuneolas a bhaineann le riachtanas scileanna na Gaeltachta agus cuirfear an t-eolas seo san áireamh ar na bunachair sonraí réigiúnacha agus náisiúnta faoi chreatalach “Cumais Chun Fáis”.

Sa tslí seo beifear ag beartú idirbheartaíochta le dul i ngleic le bearnaí aitheanta sa tsoláthar oiliúna trasna na Gaeltachta.

Eolas breise:  An Rannóg Taighde & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie