Cuireann Scéim Scoláireachta do Phrintísigh Údarás na Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil do rannpháirtithe atá cláraithe faoin scéim seo agus tugann deis dóibh a gcuid scileanna a fhorbairt agus aitheantas acadúil a bhaint amach ina bPrintíseach cláraithe.
Más athrú saoil, athrú ceirde nó ceird a fhoghlaim atá ag teastáil uait, tapaigh an deis leis an Scéim Scoláireachta do Phrintísigh atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta. Tá os cionn 40 scoláireacht printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil ón eagraíocht chun tacú le daoine gur mian leo cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbhunaithe atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta.
Tá scoláireachtaí ar fáil do Phrintíseachtaí Ceirde agus Printíseachtaí Nua-aoiseacha agus is fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d’iarrthóirí a bhfuil an scoil fágtha acu le cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach. Gach eolas faoi na printíseachtaí agus na cáilíochtaí a bhaineann leo le fáil ag www.apprenticeship.ie
Tá dhá chatagóir sa Scéim:
Tá 15 earnáil éagsúil ag teacht faoin scéim seo agus os cionn 70 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta agus oscailte do phobal na Gaeltachta le líofacht i nGaeilge.
Seo a leanas na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta ar fáil:
Tá liosta iomlán de os cionn 70 printíseacht atá faofa mar chuid de Scéim Scoláireachta Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2025 le fáil anseo.
Riachtanais faoi leith maidir leis na printíseachtaí ar fad: