Tá Oifigigh Pleanála Teanga na Ceathrún Rua agus Cheantar na nOileán tagtha le chéile le clár tarraingteach a chur ar fáil i Scoil Chuimsitheach Chiaráin

10 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Déanann an Scoil Chuimsitheach freastal ar scoláirí ón dá limistéar pleanála. I measc na gníomhaíochtaí ar an gclár tá Club SPRAOI do chailíní, tograí ealaíne, Lá Feasachta agus go leor eile. Faoin gclár freisin tá tús curtha le Raidió Scoile sa Scoil, faoi stiúir Mháirín Nic Con Iomaire.

Is é an aidhm atá leis an raidió scoile na deis a thabhairt do na scoláirí blaiseadh a fháil do cheird an raidió agus iad a spreagadh i dtreo cláir, podchraoltaí a chruthú i nGaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh de bhallaí na scoile. I measc na réimsí a mbeidh siad a chlúdach faoi stiúir Mháirín agus craoltóirí aitheanta eile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh; Cúrsaí Nuachta, Iris Chláir, Spóirt agus Iriseoireacht MOJO.