Mórthionól Pleanála Teanga i nGaillimh

Oifigigh Pleanála Teanga, Bainisiteoirí, baill Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga agus Feidhmeannaigh an Údaráis ag déanamh plé ar chúrsaí gnó

27 Márta, 2023

nóiméad léite

Bainisteoirí agus baill Coistí Stiúrtha Pleanála Teanga ag an Mórthionól Pleanála Teanga

Tháinig Oifigigh Pleanala Teanga, Bainisteoirí agus baill Coistí Stiúrtha le chéile do Mhórthionól Pleanála Teanga in Óstán Chonnacht i gcathair na Gaillimhe ar an 28 Feabhra agus 1 Márta. Díríodh ar chúrsaí gnó go príomha, le haíonna ar nós Dhiarmada Uí Mhathúna ó Phota Cafe agus CSEI, ach rinne aíonna ó COGG plé ar an bpolasaí um Oideachas Gaeltachta freisin.

 

Beidh an chéad tionól eile ag tarlú i dTír Chonaill, ar an 26-7 Aibreán, i gcomhar le hArd-Fheis na nÓg atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Féach anseo do thuilleadh eolais ar an Ard-Fheis. Féach thíos ar roinnt de na pictiúir ón Mórthionól.