Maratón na bPáistí

Ceangal dearfach leis an teanga tríd an aclaíocht! 1356 páiste ar fud na Gaeltachta ag glacadh páirte san fheachtas spreagúil seo

24 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Mic léinn ag rith agus ag spraoi amuigh faoin aer sa Ghaeltacht i mBaileferriter, Ciarraí

Reachtáil Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta clár 8 seachtaine, Maratón na bPáistí, do dhaltaí i Rang 5 & 6 i scoileanna ar fud na Gaeltachta. Thug an clár spreagúil seo, a bhí ar siúl i gcomhar le Marathon for Kids, deis do pháistí a bheith ag foghlaim i nGaeilge faoi na buntáistí a bhaineann leis an aclaíocht chomh maith le bheith ag baint sásaimh agus tairbhe as na seisiúin reatha. Ní hamháin go gcothaíonn imeachtaí den chineál seo féinmhuinín i measc na bpáistí, cuidíonn an t-éispéireas ilcheadfach lasmuigh den seomra ranga le ceangal dearfach a dhéanamh leis an teanga féin. 1356 páiste ó cheantair éagsúla ar fud na Gaeltachta a ghlac páirt san fheachtas agus rith siad a míle deiridh ag ócáid speisialta i mí na Nollag.

Cén uair: Ó 22 Deireadh Fómhair – 11 Nollaig

Mic léinn atá ag rith maratón na bpáistí i Scoil an Fhéirtéaraigh, Ciarraí
mic léinn ag ceiliúradh tar éis maratón na bpáistí i Scoil Roisín An Machaire
mic léinn ag ceiliúradh tar éis maratón na bpáistí i Scoil Chillín Liath, Uíbh Ráthach
Mic léinn ag rith maratón na bpáistí i Scoil Cróine, Dún na nGall

“Bhí na gasúir ag súil go mór le bheith ag rith chuile lá. Bhain siad sásamh as comhluadar a chéile agus iad ag rith agus ag caint lena chéile. Bealach spraíúil spreagúil chun an Ghaeilge a labhairt.”

—Múinteoir ón gCeathrú Rua

“Ghlac na gasúir páirt i Maratón na bPáistí i Scoil Mhic Dara le déanaí. Bhain siad fíor-shásamh as. Tugadh leabhar dóibh ina raibh an téarmaíocht a bhaineann le cúrsaí sláinte agus aclaíochta ionas go mbeadh siad in ann tairbhe an mharatóin a phlé i nGaeilge. Chuir siad sprioc nua rompu féin chuile sheachtain, ag cur leis an bhfad a bhí siad in ann ritheacht agus thaitin an ghné sin leo. Ar an iomlán ba thairbhiúil an gaisce dóibh é agus dar ndóigh tá siad bródúil as na teastais agus na boinn chomh maith.”

—Bairbre Ní Thuairisg, Tuismitheoir