Dhá phlean teanga seolta agus dhá cheann eile ceadaithe ó thuaidh

10 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Sheol Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt Plean Teanga LPT na Rosann ar 3 Meitheamh agus é ar chuairt ar Chontae Dhún na nGall agus LPT na Rosann. Chomh maith leis sin, d’fhógair sé ag an ócáid chéanna go bhfuil Plean Teanga do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Leith ceadaithe aige anois chomh maith. Tá Plean Teanga LPT na Rosann á fheidhmiú faoi láthair agus beifear ag tabhairt faoi fheidhmiú Phlean Teanga an BSG go luath. Is é Forbairt na Rosann CTR., CDP na Rosann CTR. agus Machaire le Chéile CTR. atá ag feidhmiú mar cheanneagraíocht don LPT agus is é Forbairt na Rosann CTR. atá ag feidhmiú mar cheanneagraíocht don BSG.

Le linn ócáid sheolta phlean teanga Thuaisceart Dhún na nGall d’fhógair Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt go bhfuil Plean Teanga do LPT na Gaeltachta Láir ceadaithe aige. Beifear ag tabhairt faoi fheidhmiú an phlean teanga go luath sa bhliain úr.