Comharthaí bóithre curtha in airde ar fuaid Chorca Dhuibhne ag Tobar Dhuibhne

9 Nollaig, 2021

nóiméad léite

Comharthaí bóithre curtha in airde ar fuaid Chorca Dhuibhne le déanaí ag Tobar Dhuibhne: Plean Teanga Chiarraí Thiar ón bhFeothanaigh go Lios Póil, ón gClochán go Dún Chaoin agus gach aon áit idir eatarthu! An bhfuil siad feicthe agat go fóill? Tá súil againn go spreagfaidh sé daoine bheith ag cuimhneamh ar chúrsaí teangan agus cúrsaí Gaeltachta níos doimhne. Labhair Gaelainn, tá sé chomh simplí sin!