gteic@ Uíbh Ráthach

gteic@Uíbh Ráthach

Map
  • Rochtain 24/7 ar fáil
  • Solas & teas san áireamh
  • Rochtain le cód eochrach
  • Deasca sealaíochta
  • Deasca tiomnaithe
  • Páirceáil saor in aisce ar an láthair
  • Monatóireacht CCTV 24 uair an chloig
  • Spásanna feistithe go hiomlán
  • Leathanbhanda ar ardluas
  • Cofraí faoi ghlas
  • Seomraí cruinnithe le trealamh fís chomhdhála
  • Ceaintín
  • Spásanna Oifige Bainistithe
  • Stiúideo Podchraolta

Fáilte go gteic @ Uíbh Ráthach

Spásanna Oibre Nua-Aimseartha ar Imeall an Atlantaigh

Is ionad digiteach den chéad scoth é gteic @ Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg, le radharcanna áille amach ar Bhá na Scealg. Tá spásanna oibre solúbtha agus seirbhísí iomlána oifige ar fáil sa gteic seo atá i gcroílár na Gaeltachta. Beidh an áit seo oiriúnach duit pé acu an bhfuil tú ag obair go cianda, ag fás do ghnó, ar saoire sa cheantar, ag obair leat féin mar chruthaitheoir, nó ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile go fadtéarmach.​

Tá deasca sealaíochta anseo againn agus leathanbhanda ardluais. Cuirimid oiliúint ghnó ar fáil agus tá stiúideo podchraolta forbartha le déanaí againn chomh maith. Tacaíonn gteic @ Uíbh Ráthach le cur chuige nua oibre – áit ina mbeidh cothromaíocht le fáil idir do ghairm bheatha agus do shaol pearsanta.​

 

Is féidir deasc a chur in áirithe tríd an nasc thíos chuig ár bpróifíl Connected Hubs:

https://connectedhubs.ie/hubs/profile/140

Déan turas fíorúil ar gteic @ Uíbh Ráthach

cuir turas pearsanta ar ár spás comhoibrithe i gCiarraí in áirithe

 

Sracfhéachaint ar na sonraí

Suíomh: Baile an Sceilg, Ciarraí Theas V23 XK58

Leathanbhanda: snáithín athléimneach suas go dtí 1Gb, le cúltaca uathoibríoch

Saoráidí: Deasca Solúbtha, Deasca Tiomnaithe, Seomraí Cruinnithe, Spásanna Oifige Bainistithe, Stiúideo Podchraolta, Spás Oiliúna, agus cistin do bhaill.

Páirceáil: Ar an suíomh, saor in aisce.

Spás Solúbtha

Is cuma cén cur chuige oibre atá agat, tá spás againn a oireann do do riachtanais:​

  • Deasca Sealaíochta & Tiomnaithe – Oiriúnach do dhaoine a thagann isteach ó am go chéile, do shaorchleachtóirí, agus d’oibrithe cianda atá ag lorg spás gairmiúil ina mbeidh siad in ann díriú ar a gcuid oibre.
  • Seomraí Cruinnithe – Spásanna lánfheistithe atá oiriúnach don chomhoibriú, do cruinnithe le cliaint, nó cruinnithe foirne.
  • Stiúideo Podchraolta – spás nua-aimseartha, lánfheistithe atá deartha chun tacú le cruthú ábhar fuaime agus físe ar ardchaighdeán; suíomh atá oiriúnach do scéalaíocht chruthaitheach, agallaimh agus léiriú gairmiúil podchraoltaí.
  • Áiseanna Oiliúna & Imeachtaí – Spásanna atá oiriúnach do cheardlanna, laethanta lasmuigh den oifig, cruinnithe pleanála, imeachtaí líonraithe nó seisiúin oiliúna gnó i dtimpeallacht nua-aimseartha, dea-fheistithe.​
  • Oifigí Scóipiúla Bainistithe – tá siad seo oiriúnach d’fhoirne – hibrideacha nó dáilte – ina bhfuil suas le deichniúr iontu. Is spás oibre slán atá i gceist a bhainistítear go gairmiúil.

Compord, feidhmiúlacht, agus solúbthacht na haidhmeanna a bhí againn agus sinn ag dearadh an gteic seo – ionas go mbeadh saoirse agat oibriú ar do shlí féin.​

Ní hamháin gur áit shuaimhneach é gteic @ Uíbh Ráthach ach is áit áisiúil é chomh maith – nílimid ach 200m ó áiseanna áitiúla; oifig an phoist, siopa, deilí, agus stáisiún breosla.

Cuir deasc i gteic @ Uíbh Ráthach in áirithe anseo.

Bí ag obair go cianda gan a bheith ag obair i do aonar

Bí páirteach i bpobal gairmiúil agus coimeád do phost reatha. Leis na háiseanna go léir atá sonraithe thuas, cuirtear gach ní go bhfuil gá leis ar fáil i gteic @ Uíbh Ráthach do chianfhostaithe, gan gá tabhairt faoi thuras fada chun na hoifige.

“A place to work and enjoy yourself! Wonderful facilities with a breathtaking view over Ballinskelligs Bay. Whether you’re visiting or living here, it’s a wonderful place to work. There are always great chats with colleagues. You have everything you need: fast internet, meeting rooms, a lunch area, toilets, etc…” (Laura Z, 5* Google Review, 2026)

Ag obair go cruthaitheach ó imeall an Atlantaigh

Cibé an podchraoltóir, dearthóir, scannánóir, scríbhneoir nó cruthaitheoir ábhair tú, soláthraíonn ár n-áiseanna agus ár dtimpeallacht spreagúil an timpeallacht idéalach d’obair chruthaitheach spriocdhírithe.

“…and if you have writer’s block or need a visual break from the screen, the views are just stunning and the beautiful Ballinskelligs beach is within walking distance…” (Bríd B, 5* Google Review, 2026).

Ag smaoineamh ar bhogadh abhaile?

Cabhraíonn gteic @ Uíbh Ráthach le gairmithe filleadh ar Chiarraí Theas gan a ngairmeacha beatha a fhágáil ina ndiaidh. Bí mar chuid de phobal atá ag méadú, pobal daoine a roghnaigh cur fúthu go háitiúil agus iad ag obair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.  Beidh do theaghlach agus do phobal buíoch díot!

Foghlaim tuilleadh faoin saol in Uíbh Ráthach.

Ar cuairt ar Chósta na Sceilge? Beir leat d'oifig

Déan áirithint lae, seachtaine, nó fan linn níos faide fós. Bí táirgiúil agus tú ag tabhairt cuairt ar cheann de na réigiúin chósta is áille in Éirinn. Tóg bád go Sceilg Mhichíl, déan siúlóid ar Bhealach na Manaigh, téigh ag tonnmharcaíocht ag Bá Fhíonáin nó téigh ag snámh ar thrá na Brataí Goirme i mBaile an Sceilg. Is leatsa an rogha!

Foghlaim níos mó mar gheall ar Chósta na Sceilge.

Láthair i gCiarraí Theas do d'Fhoireann

Tacaigh le d’fhoireann le socruithe oibre hibrideacha nó cruthaigh foireann dáilte inár spás oibre slán a bhainistítear go gairmiúil. Déan teagmháil linn chun do chuid riachtanas a chur in iúl dúinn.

Tóg d’fhoireann amach as an oifig

Athchruthaigh Meon na Manach in áit atá oiriúnach le haghaidh tearmann foirne, cruinnithe lasmuigh den oifig agus laethanta pleanála. Ar an gcaoi chéanna a tháinig na manaigh i dtír anseo le haghaidh tearmann agus athbheochan sa gheimhreadh, is féidir leat deis a thabhairt anois do d’fhoireann nascanna a dhéanamh agus iad ag dícheangal.  Déan teagmháil linn anseo chun do chuid riachtanas a chur in iúl dúinn.

Níos Mó ná Áit Oibre

Má tá tú ag smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó stíl mhaireachtála oibre níos sásúla a bheith agat, cabhróidh gteic @ Uíbh Ráthach leat é sin a bhaint amach. Bíonn dúshlán ann d’oibrithe cianda spás gairmiúil a aimsiú i gceantar tuaithe ina bhfuil áiseanna gur féidir brath orthu. Réiteach na faidhbe sin ná gteic @ Uíbh Ráthach.

Beidh tú mar chuid de phobal bríomhar, cruthaitheach ina bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr beo, ina bhfuil deiseanna tacaíochta gnó agus oiliúna ar fáil ann, agus ina bhfuil áilleacht nádúrtha Bhá na Scealg cúpla céim ó do dheasc.

Más ag surfáil ar an Atlantach roimh bhricfeasta atá tú, ag siúl ar an trá ag am lóin, nó ag líonrú le daoine gairmiúla eile le cupán caife, seo é an chothromaíocht oibre agus saoil mar ba chóir di a bheith.

Fan Ceangailte, Pé Rud a Tharlaíonn

Tuigimid i gteic @ Uíbh Ráthach go bhfuil idirlíon iontaofa, ardluais riachtanach don obair sa lá atá inniu ann – agus tá infheistíocht déanta againn in infreastruchtúr den scoth chun tú a choimeád ar líne gan bhriseadh.​

  • Leathanbhanda snáthoptaice ultra-thapa le luasanna suas le 1GB a chinntíonn gur féidir leat glaonna físe a dhéanamh gan deacracht, gur féidir leat uaslódáil go tapa, go mbeidh tú in ann obair ar dhoiciméidí sa scamall agus gach rud idir eatarthu.
  • Líonra Wi-Fi bainistithe atá slán agus seasmhach sa bhfoirgneamh ar fad.
  • Cúltaca uathoibríoch trí chóras leathanbhanda gan sreang ar leith a chinntíonn leanúnachas, fiú i gcás go mbeadh briseadh sa tseirbhís.​

Más ar ghlao Zoom le cliant atá tú, nó ag seoladh táirge digiteach, nó ag comhoibriú le do fhoireann go cianda, tugann gteic @ Uíbh Ráthach an nascacht agus an suaimhneas intinne duit chun obair ar an gcaighdeán is fearr a dhéanamh.​

Ag nascadh. Ag cruthú. Ag borradh.

Is tionscnamh de chuid Údarás na Gaeltachta é gteic @ Uíbh Ráthach, agus cuireann sé réimse leathan tacaíochtaí gnó ar fáil do dhaoine trí eagraíochtaí mar LEO, LEADER, Teagasc, Fiontraíocht Éireann agus eile. Cuirtear cláracha oiliúna agus imeachtaí rialta ar siúl a chruthaíonn deiseanna breise le haghaidh fáis, nuálaíochta, agus comhoibrithe.

Lonnaigh tú féin i gteic @ Uíbh Ráthach

Tá deasca sealaíochta ar fáil don té a bheidh anseo ar feadh cúpla lá sa tseachtain nó tá spásanna fadtéarmacha ann do dhuine atá ag fás a ghnó; táimid anseo chun cabhrú leat socrú isteach.

Déan teagmháil linn inniu le fiosrú faoi na spásanna atá ar fáil. Déan áirithint ar dheasc sealaíochta, seomra cruinnithe, stiúideo podchraolta nó spás oifige bainistithe i mBaile an Sceilg, Contae Chiarraí.

Ceisteanna Coitianta

Cá bhfuil gteic @ Uíbh Ráthach suite? Tá Gteic @ Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg, sráidbhaile cósta i gCiarraí Theas. Tá sé thart ar 15km ó Chathair Saidhbhín agus 12km ón gCoireán. An Eircode ná V23 XK58.

Cén luas leathanbhanda atá ar fáil? Tá luas leathanbhanda snáithín suas le 1GB ar fáil, agus aistriú uathoibríoch chuig córas gan sreang ar leithligh i gcás go dtarlódh briseadh i gcóras an tsnáithín.

An féidir le cuairteoirí deasc a chur in áirithe ar bhonn lae? Is féidir leat deasc a chur in áirithe don lá, don tseachtain nó do mhí. Tá bearta agus dearbháin ar fáil againn freisin a chinntíonn luach agus solúbthacht den scoth chun freastal ar do chuid riachtanas. San áireamh i do phas, tá rochtain saor in aisce ar sheomraí cruinnithe chomh maith le tae agus caife atá ar fáil sa chistin.

Cén t-am a osclaíonn an mol? Is féidir le baill rochtain a fháil ar an mol 24/7 nuair a bheidh a n-áirithint críochnaithe.

An bhfuil páirceáil ar fáil? Tá go leor spásanna páirceála saor in aisce ar an suíomh.

An féidir le foirne seomraí cruinnithe agus tearmainn a chur in áirithe? Cinnte, tá seomraí cruinnithe ar fáil le cur in áirithe ar feadh uair a chloig, ar feadh leath lá agus do lá iomlán. Cuirimid fáilte roimh ghrúpaí teacht laethanta lasmuigh den oifig, agus beimid sásta cabhrú leat lóistín oiriúnach a aimsiú do do ghrúpa, socruithe bídh a dhéanamh daoibh agus cabhrú leat imeachtaí sóisialta a bhfuil spéis ag d’fhoireann iontu a aithint.

 

 

Deascanna & Pleananna ballraíochta

 

  Bun chostas CBL san áireamh
Deasc 1 lá  16.26 20.00
Deasc 1 seachtain 40.65 50.00
10 lá ‘Hot Desk’ thar 2 mhí 97.56 120.00
Deasc amháin ar feadh míosa 162.60 200.00
Seomra chruinnithe do cheathrar/uair 8.13 10.00
Meeting room for up to 4 people/lá 56.91 70.00
Meeting room for up to 8 people/uair 12.20 15.00
Meeting room for up to 8 people/lá 73.17 90.00
Seomra Oiliúna/uair 12.20 15.00
Seomra Oiliúna/leathlá 40.65 50.00
Seomra Oiliúna/lá 77.24 95.00
Stiúideo Podchraolta/ uair 16.26 20.00
Stiúideo Podchraolta/ leathlá 40.65 50.00
Stiúideo Podchraolta/lá 77.24 95.00

Teagmháil

Ríomhphost: c.breathnach@udaras.ie

Glaoigh ar 087 4644780 Eircode V23 XK58