gteic@ Na Forbacha

gteic@Na Forbacha,
Páirc Ghnó na bhForbacha,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
H91 NHT4

Map
  • Deasc shealaíochta
  • Spás oibre chomhionaid
  • Aonaid ghorlainne
  • Spás oifige príobháideach
  • Timpeallacht oibre slán
  • Rátaí cíosa iomaíocha
  • Cumas leathanbhanda 1000MBps
  • Wifi ardluais
  • Seomra comhdhála
  • Áiseanna físchomhdhála
  • Spásanna cruinnithe/oiliúna
  • Páirceáil fhairsing
  • Braisle fiontair bhríomhar
  • Spás roinnte do sholáistí & áiseanna ar leithligh

Tá gteic@Na Forbacha lonnaithe in Ionad Gnó na bhForbacha, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Na Forbacha ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Deasc shealaíochta (beir leat do ríomhaire féin)

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@Na Forbacha.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 455 0351

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

 

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo.
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie, 087 455 0351 nó bualadh isteach.

Déan iarratas ar do dheasc d’obair chomhionaid

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 455 0351

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe ,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Spás Oifige Príobháideach

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar.
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaForbacha@gteic.ie nó 087 455 0351

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Tá gteic@Na Forbacha lonnaithe idir Bearna agus An Spidéal ar bhóthar R336 idir Cathair na Gaillimhe agus Gaeltacht Chonamara. Níl sé ach 12km as Cathair na Gaillimhe le seirbhís iompar rialta ar fáil. Tá na hoifigí lonnaithe ar Pháirc Ghnó na bhForbacha áit a bhfuil Ardoifig Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta lonnaithe freisin.

 

Teagmháil

Ríomhphost: NaForbacha@gteic.ie

Glaoigh ar 087 455 0351