Corr na Móna, Co. na Gaillimhe, F12 F302
MapTá gteic @ Corr na Móna lonnaithe ar Eastát Tionsclaíoch & Gnó Dubhachta i nGaeltacht na Gaillimhe. Is mol núalaíochta agus digiteach den chinéal is nua-aimseartha é. Tá meascán de dheascanna sealaíochta, oifigí príobháideacha chomh maith le seomra comhdháil ar fáil. Tá oifig amháin agus sé deasc san ionad. Tá Gteic Chorr na Móna ina chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Tá an gteic lonnaithe i gCorr na Móna, atá 54km ó Chathair na Gaillimhe agus 52km ó Chaisleán an Bharraigh. Tá aerfort na Sionainne, a sholáthraíonn aersheirbhísí trasatlantacha, laistigh de 143km. Níl Aerfort na Sionainne i bhfad ó mhótarbhealach an M18 idir Gaillimh agus Luimneach. Tá Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire laistigh de 78km agus cuireann sé seirbhísí aeir ar fáil don RA agus don Eoraip. Déanann na hinstitiúidí tríú leibhéal seo a leanas freastal ar an limistéar: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Institiúid Theicniúil na Gaillimhe GTI.
An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@An Cheathrú Rua.
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le gteic@corrnamona.ie nó 0871719315
Tabhair d’aire:
San áireamh sa phraghas tá:
Ríomhphost: gteic@corrnamona.ie
Glaoigh ar Gearóid Ó Fátharta0871719315