gteic@ An Corrán Buí

gteic@An Corrán Buí,
An Corrán Buí,
Iorras,
Co. Mhaigh Eo.
F26 W7W9

Map
  • Deasc shealaíochta
  • Spás oibre comhionaid
  • Aonaid ghorlainne
  • Spás oifige príobháideach
  • Timpeallacht oibre slán
  • Rátaí cíosa iomaíocha
  • Cumas leathanbhanda 1000MBps
  • Wifi ardluais
  • Seomra comhdhála
  • Áiseanna físchomhdhála
  • Páirceáil fhairsing
  • Braisle fiontair bhríomhar
  • Spás roinnte do sholáistí & áiseanna ar leithligh

Tá gteic@An Corrán Buí lonnaithe ar an gCorrán Buí i nGaeltacht Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@An Corrán Buí ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Deasc shealaíochta (beir leat do ríomhaire féin)

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@An Corrán Buí.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le seirbhisicuram@gmail.com 

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo,
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le seirbhisicuram@gmail.com 

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan – Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Déan iarratas ar do dheasc d’obair chomhionaid

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le seirbhisicuram@gmail.com

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Spás Oifige Príobháideach

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar.
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le seirbhisicuram@gmail.com

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Teagmháil

Ríomhphost: seirbhisicuram@gmail.com

Glaoigh ar Maureen McAndrew09788935