gteic@ Carraig Airt

gteic@Carraig Airt
Príomhshráid
Carraig Airt
Co. Dhún na nGall

Map
  • Deasc shealaíochta
  • Spás oibre comhionaid
  • Aonaid ghorlainne
  • Timpeallacht oibre slán
  • Rátaí cíosa iomaíocha
  • Cumas leathanbhanda 1000MBps
  • Wifi ardluais
  • Seomra comhdhála
  • Áiseanna físchomhdhála
  • Spásanna cruinnithe/oiliúna
  • Páirceáil fhairsing
  • Braisle fiontair bhríomhar
  • Spás roinnte do sholáistí & áiseanna ar leithligh

Tá gteic@Carraig Airt lonnaithe i mbaile Charraig Airt i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Carraig Airt ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Deasc shealaíochta (beir leat do ríomhaire féin)

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@Gaoth Dobhair.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le carraigairt@gteic.ie

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo,
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le carraigairt@gteic.ie nó bualadh isteach chugainn.

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Déan iarratas ar do dheasc d’obair chomhionaid

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le carraigairt@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Teagmháil