REACT

Tá oileáin ar fud cósta na hEorpa ag brath go mór ar mhargadh fuinnimh na mórthíre agus mar thoradh air sin is féidir leis an eangach leictreach traidisiúnta fulaingt dá bharr. Cuireann sé seo isteach ar a slándáil fuinnimh agus méadaíonn sé costais fuinnimh suas le 400% i gcás áirithe ar mhuintir na n-oileán.

Tá an togra seo dírithe ar thrí oileán, ceann san Iodáil, ceann sa Spáinn agus Inis Mór in Árainn. Tá na hoileáin ar fad ag brath go mór ar an aibhléis a thagann ón míntír. An teoiric atá i gceist sa togra seo ná an fuinneamh in-athnuaite ar fad a mheas agus an córas is oiriúnaí a mholadh do na foirgnimh atá ag glacadh páirte sa togra seo.  Má oibríonn an togra seo shamhlófá nach mbeadh an t-oileán ag brath ró-mhór ar líonra aibhléise ón míntír toisc an fhorbairt a bheith déanta ar fhoinsí fuinneamh in-athnuaite.

Chun é seo a chur i bhfeidhm caithfear forbairt a dhéanamh ar theicneolaíocht chuí agus ar mhúnla gnó i dtéarmaí fuinnimh ar an oileán, rud a thaispeánfaidh an tábhacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus an feabhas a thagann ar eacnamaíocht an oileáin dá bharr.  Rud eile atá an-tábhacht ná líonra na haibhléise a bheith digiteach agus imeasctha le líonra fuinneamh in-athnuaite, rud a chaithfí a dhéanamh tríd an gcóras néal-bhonn IT (cloud based IT).

Tá sé mar aidhm mar chuid den togra seo, na ceachtanna atá foghlamtha a chur i bhfeidhm in oileáin eile timpeall na hEorpa. Thosaigh an togra i mí Eanáir 2019 and tá sé ag rith go 2023.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh an togra https://react2020.eu/ nó is féidir teagmháil le Fionnán Ó hOgáin, Údarás na Gaeltachta ag foh@udaras.ie