Digi2Market

Is togra Eorpach é Digi2Market, atá co-mhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach 2014-2020. Ritheann an togra ó Mhí na Samhna 2018 go dtí Mí Meithimh 2021. Tá sé pháirtnéir sa togra – Údarás na Gaeltachta & WestBIC i bPoblacht na hÉireann, ICBAN & Ollscoil Uladh i dTuaisceart na hÉireann, Ollscoil Karelia as an Íoslainn agus SSNV as an bhFionlainn.

An aidhm atá leis an togra ná úsáid a bhaint as teicneolaíocht thumthach le caoga comhlacht trasna na páirtnéireachta chun cuidiú leo a gcuid margaíochta agus díolacháin a fhorbairt taobh amuigh den réigiún féin. Chomh maith leis sin beidh suíomh B2B (Cathair Dhigiteach) le tógáil a chuideoidh le comhlachtaí chun líonraí fíorúla a chruthú idir iad féin agus comhlachtaí eile taobh amuigh dá réigiúin féin. Sa Chathair Dhigiteach beidh tacar margaíochta digiteach ar fáil freisin do chomhlachtaí a chuideoidh leo a gcuid straitéisí margaíochta a fhorbairt chomh maith le Creatlach Glas a chabhróidh le FBManna chun bogadh i dtreo cleachtais/teastais inbhuanaithe.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra http://digi2market.interreg-npa.eu/ nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Seán Ó Coisdealbha, Oifigeach Digi2Market Údarás na Gaeltachta ag socoisdealbha@udaras.ie.