Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le cúig eagraíocht eile ón tSlóvaic (Kira KIRA – Regional Innovation Development Agency agus Ollscoil Bratislava – Comenius University) ón tSeicia (Ollscoil Newton NEWTON University – A Business University for Life), ón Chróit (Ollscoil Eolaíocht Fheidhmeach Edward Bernays – Veleučilište Bernays), agus ón Fhionlainn (Ollscoil Savoina – Savonia University of Applied Sciences – front page ), ag dearadh cúrsa ar líne chun freastal ar dhaoine atá os cionn 50 bliain d’aois, gur mhaith leo a ngnó féin a bhunú nó forbairt a dhéanamh ar ghnó atá acu cheana. Déanfar é seo trí mhódúil a chur a fáil dóibh, a chabhróidh leo a gcuid scileanna fiontraíochta a fhorbairt. Cuirfear an cúrsa seo ar fáil mar chuid den Togra AE CHANCE, áit ina bhfuil sé mar aidhm sruthanna athoiliúna agus uasoiliúna a chruthú agus tosaíocht a thabhairt don chlaochlú digiteach agus oideachas d’ardchaighdeán, solúbtha agus aitheanta a chur ar fáil.
Mar chuid den togra seo, cuirfear na módúil ar fáil i bhfoirm ‘Massive Open Online Courses’ (MOOCs). Ciallaíonn sin go mbeidh na cúrsaí ar fáil ar líne ar bhun solúbtha agus saor in aisce. Beidh na módúil seo idirghníomhach agus bunaithe ar 6 topaic a thabharfaidh eolas fiontraíochta don fhoghlaimeoir. Na topaicí a bheidh á bplé ná; Pleanáil Airgeadais agus Ullmhacht Infheistíochta, Bainistíocht Strus agus Cothromaíocht Oibre/Saoil,Díolachan agus Cumarsáid, Fiontraíocht agus Tionchar na Fiontraíochta, Bainistíocht agus Pleanáil Airgeadais agus Fadhbanna Dlíthiúla agus An Dlí bunúsach. Cuirfear teastas ar fáil do dhaoine a chríochnaíonn an cúrsa.