Cuireann an Deontas Fiosraithe Margaidh ar chumas chliaint deiseanna margaidh nua a fhiosrú agus a fhorbairt. Tacóidh an deontas le gnóthaí atá ag dul i mbun easpórtála den chéad uair agus ag dul i mbun easpórtála ar mhionscála le taighde margaidh riachtanach a dhéanamh agus le straitéisí iontrála margaidh inmharthana agus inbhuanaithe i margaí geografacha nua a fhorbairt.
Íocfar an deontas ag ráta 50% de chaiteachas incháilithe suas go huasmhéid deontais €10,000
Nótaigh, le do thoil nach mór go mbeidh iarratas iomlán curtha faoi bhráid an Údaráis sula ndéanfar aon chaiteachas ar an tionscadal
Tá an deontas ar fáil d’fhiontair beaga
Costais a bhaineann le tuarascálacha, bunachair sonraí, agus faisnéis a cheannach ó shainchuideachtaí taighde margaidh, chomh maith le seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta, incháilithe mar chuid de phlean margaidh á bhailíochtú. Sula gceannófar tuarascáil, ní mór d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun a fháil amach an bhfuil an tuarascáil ar fáil cheana féin trí Ionad Taighde Margaidh Fhiontraíocht Éireann.
Tá maoiniú ar fáil le haghaidh saineolais tríú páirtí chun plean margaidh a fhorbairt agus a bhailíochtú
Rannpháirtíocht in Aontaí Trádála idirnáisiúnta aitheanta lena n-áirítear táillí iontrála, cíos seastáin/spáis taispeántais, costais iompair agus costais taistil agus chothaithe
Tacaítear le costais Taistil agus Chothaithe le haghaidh turais thar lear a bhaineann leis an tionscadal atá beartaithe. Nótaigh, le do thoil, nach féidir tacú le costais Taistil agus Cothaithe d’am a chaitear in Éirinn.