Tá sé de cheart ag daoine aonair atá lonnaithe san Aontas Eorpach, faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS / GDPR), faoi réir roinnt díolúintí, rochtain a fháil ar a gcuid taifead pearsanta atá á gcoinneáil ag Údarás na Gaeltachta. Tugtar “Iarratas Duine ar a S(h)onraí” air seo.
Is é cuspóir an pholasaí seo ná cur síos soiléir a dhéanamh ar an nós imeachta a leantar nuair atá Údarás na Gaeltachta, agus é ag feidhmiú mar Rialaitheoir Sonraí, ag láimhseáil nó ag freagairt iarratais ar shonraí pearsanta a dhéanann na daoine lena mbaineann na sonraí, a n‑ionadaithe, nó páirtithe leasmhara eile.
Tugann an polasaí seo léargas ar na cearta atá ag daoine aonair i ndáil lena gcuid sonraí pearsanta, agus tugann sé le fios freisin céard ba cheart don Údarás a dhéanamh chun cloí lena chuid oibleagáidí dlíthiúla mar rialaitheoir sonraí.
Scóip an Pholasaí
Leagtar amach sa pholasaí seo na nósanna imeachta atá le leanúint ag Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go gcomhlíonann sé a chuid oibleagáidí faoi Airteagail 15 go 23 den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS/Rialachán).
Chun go measfar faisnéis mar shonraí pearsanta, ní mór di baint a bheith aici le duine beo agus gur féidir an duine sin a aithint uaithi (ó na sonraí, nó ó na sonraí in éineacht le faisnéis eile atá, nó a d’fhéadfadh a bheith i seilbh an rialaitheora sonraí).
Féadfar iarratais a fháil ó bhaill foirne nó ó dhuine ar bith eile a raibh baint ag Údarás na Gaeltachta leis / léi agus a bhfuil eolas pearsanta fúthu á choinneáil ag an Údarás. Áirítear leis seo faisnéis atá á coinneáil go leictreonach nó de láimh, atá taifeadta i gcórais leictreonacha, i scarbhileoga, i mbunachair sonraí, i ndoiciméid eile, nó atá i bhfoirm grianghraf nó íomhánna ó chórais faireacháin (TCI / CCTV).
Leagtar amach thíos na sainmhínithe ar na príomhthéarmaí a úsáidtear sa pholasaí seo chun soiléireacht a thabhairt don léitheoir:
Rialaitheoir Sonraí – duine nádúrtha nó dlíthiúil, údarás poiblí, gníomhaireacht nó aon chomhlacht eile, a chinneann, ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, na cuspóirí agus na bealaí lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta.
Córas Comhadúcháin – aon tsraith struchtúrtha faisnéise pearsanta is féidir rochtain a fháil air de réir critéir áirithe, cibé acu lárnach, díláraithe nó scaipthe ar bhonn feidhmiúil nó geografach.
Sonraí Pearsanta – aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó so-aitheanta (‘ábhar sonraí’); duine nádúrtha so-aitheanta is ea duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir cosúil le hainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.
Próiseáil – Aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta, cibé acu go huathoibríoch nó nach ea, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, comhairliúchán, úsáid, nochtadh trí tharchur nó ar bhealach eile, chomhtháthú, srianadh, scriosadh nó léirscriosadh.
Iarratas Duine ar a S(h)onraí – iarratas a dhéanann duine aonair, nó a dhéantar thar a cheann, faoin reachtaíocht um chosaint sonraí chun an t‑eolas pearsanta atá á choinneáil fúthu ag Údarás na Gaeltachta a fháil.
Faighteoir – duine nádúrtha nó dlíthiúil, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile ar nochtar na sonraí phearsanta dó, cibé acu tríú páirtí é nó nach ea. Ní mheasfar, áfach, gur “faighteoirí” iad údaráis phoiblí a fhaigheann sonraí i gcomhthéacs fiosrúcháin ar leith de réir dhlí an Aontais nó dhlí Ballstáit; beidh próiseáil na sonraí sin ag na húdaráis sin faoi réir na rialacha cosanta sonraí cuí de réir a gcuspóirí dlíthiúla féin.
An modh imeachta le Iarratas Duine ar a S(h)onraí a Aithint agus a Láimhseáil
Is féidir le duine iarratas ar a shonraí pearsanta a dhéanamh i scríbhinn, trí litir, ríomhphost, nó fiú trí mheáin shóisialta (m.sh. Facebook nó Twitter). Ní cheadaítear freagraí a sheoladh ar ais trí mheáin shóisialta. Caithfear úsáid a bhaint as modh slán chun faisnéis a chur ar ais, mar shampla ríomhphost criptithe nó postas cláraithe.
I gcás nach bhfuil an t‑iarratasóir ábalta an t‑iarratas a dhéanamh i bhfoirm scríofa, is féidir é a dhéanamh ó bhéal, agus is gá taifead oifigiúil a choinneáil ar chomhad an iarratasóra.
Sula dtugtar freagra ar iarratas, caithfear aitheantas an iarratasóir féin agus / nó d’aon ionadaí atá ag gníomhú thar a c(h)eann a dheimhniú; agus más ag lorg eolais duine eile atá sé / sí, cruthúnas réasúnach ar an gceart sin a léiriú. Is féidir é seo a dhéanamh trí chóip de dhoiciméad aitheantais nó dearbhú údaraithe eile.
Ní mór dóthain faisnéise a chur ar fáil ionas go mbeifear in ann an taifead nó an fhaisnéis a iarrtar a aimsiú – mar shampla tréimhse ama, suíomh na taifid, nó an cineál taifid.
Níl aon táille i gceist chun iarratais a dhéanamh ar do shonraí pearsanta féin, ach amháin i gcás ina meastar iarratas a bheith gan bhunús nó iomarcach.
Tá dualgas ar Údarás na Gaeltachta gach iarratas bailí a fhreagairt laistigh de 30 lá ó dáta an iarratais.
Ní mór gach Iarratas Duine ar a S(h)onraí a fhaightear a chur ar aghaidh chuig an tOifigeach um Chosaint Sonraí, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe, H91 TY22, Rphost: acs@udaras.ie a luaithe agus is féidir.
Nuair a fhaightear iarratas bailí, tá dualgas ar an eagraíocht an t-iarratas a fhreagairt laistigh de 30 lá, fiú i gcás nach bhfuil sonraí pearsanta á gcoinneáil. I gcás ina mbíonn iarratais chasta nó má bhíonn líon mór iarratas i gceist, is féidir síneadh ama dhá mhí a chur leis an teorainn ama sin ach caithfear an duine a chuir ar an eolas faoi seo.
Taifead agus Clárú gach Iarratas Duine ar a S(h)onraí
Tá sé riachtanach go gcoimeádtar taifead soiléir ar gach iarratas a fhaightear i gClár Iarratas Duine ar a S(h)onraí lena n-áirítear:
Díolúintí maidir le hIarratais Duine ar a S(h)onraí
Faoi Airteagal 12(5) den Rialachán i gcúinsí an‑teoranta, nuair a mheastar go bhfuil iarratas “go follasach gan bhunús” nó “iomarcach”, féadfaidh an Rialaitheoir Sonraí, nuair is cuí, an t-iarratas a dhiúltú. Is tairseach an‑ard é seo, áfach, agus caithfidh Údarás na Gaeltachta a léiriú go soiléir gur iarratas gan bhunús nó iomarcach atá ann, go háirithe más iarratas athráiteach atá ann (m.sh. iarratais arís agus arís eile ar an bhfaisnéis céanna). Bheadh fíorbheagán cásanna ann ina mbeadh a leithéid de dhiúltú inchosanta ag an Údarás.
Tá teorainn ghinearálta ar fheidhmiú an ceart rochtana faoi Airteagal 15(4) den Rialachán, a deir nach gceadaítear go mbeadh tionchar diúltach ag an gceart chun cóip de shonraí pearsanta a fhaigheann duine ar chearta agus ar shaoirsí daoine eile. D’fhéadfadh sé sin tagairt a bheith do phríobháideachas daoine eile, do rúin trádála nó do chearta maoine intleachtúla. Mar sin féin, i gcás go bhfuil baol ann go mbeadh tionchar diúltach ar iarratas a ghéilleadh, dár le hÚdarás na Gaeltachta, níor chóir dó diúltú go hiomlán don eolas a thabhairt. Ba chóir iarracht a dhéanamh freastal ar an iarratas a mhéid is féidir, agus cosaint leordhóthanach a sholáthar do chearta agus saoirsí daoine eile.
Cé gur ceart bunúsach é an ceart rochtana ar fhaisnéis phearsanta, ní ceart iomlán é agus tá sé faoi réir roinnt díolúintí teoranta. Faoi Airteagal 23 den Rialacháin, is féidir cearta ábhair sonraí a shrianadh i gcúinsí áirithe. Ní mór go mbeadh aon srianta dá leithéid leagtha síos i ‘mbeart reachtaíochta’, go mbeadh meas acu ar bhunús na gcearta agus na saoirsí bunúsacha, go mbeadh siad riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus go gcosnódh siad leas poiblí tábhachtach. Tá forálacha áirithe san Acht um Chosaint Sonraí 2018 a bhaineann le teorainneacha ar chearta ábhair sonraí.
Dá réir sin, má mheasann Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé réasúnach eolas áirithe a choinneáil siar mar fhreagra ar iarratas duine ar a s(h)onraí, ní mór dó na díolúintí chuí a shainaithint faoin RGCS nó faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018, míniú a thabhairt ar cén fáth a bhfuil sí infheidhme, agus a léiriú go bhfuil an t-easnamh sin riachtanach agus comhréireach.
Cearta Rochtana ag an Ábhar Sonraí – faisnéis atá le soláthar
Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí deimhniú a fháil ó Údarás na Gaeltachta faoi an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann léi / leis á bpróiseáil, agus, sa chás sin, rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta agus ar an bhfaisnéis seo a leanas:
Cuirfidh Údarás na Gaeltachta cóip de na sonraí pearsanta is ábhar don phróiseáil ar fáil don ábhar sonraí. I gcás aon chóipeanna breise a iarrfaidh an t-ábhar sonraí, féadfaidh an rialaitheoir táille réasúnta a ghearradh bunaithe ar chostais riaracháin. Má chuireann an t-ábhar sonraí an t-iarratas isteach go leictreonach, ní mór an fhaisnéis a sholáthar i bhformáid leictreonach a úsáidtear go coitianta, mura gcuireann sé nó sí a mhalairt in iúl.
Faoin reachtaíocht reatha um chosaint sonraí, tá na díolúintí an-chúng agus ní bhíonn feidhm leo ach i gcúinsí an-teoranta. D’fhéadfadh na díolúintí seo a leanas a bheith ar fáil:
Iarratais déanta faoi nó thar ceann daoine eile
Tríú Páirtí Ginearálta
Is féidir le tríú páirtí, m.sh., dlíodóir, iarratas duine ar a s(h)onraí oifigiúil a dhéanamh thar ceann duine aonair. I gcás go ndéanann an tríú páirtí iarratas thar ceann duine aonair eile atá fós beo, ní mór don tríú páirtí cruthúnas cuí agus leordhóthanach ar thoiliú an duine sin nó fianaise ar cheart dlíthiúil gníomhú thar ceann an duine sin m.sh., bheadh orthu a thaispeáint go soiléir go bhfuil cumhacht aturnae acu.
Má ceaptar nach dtuigeann duine aonair an t-eolas a bhféadfaí a nochtadh do thríú páirtí atá tar éis iarratas duine ar a s(h)onraí a dhéanamh ar a son, is féidir an freagra a sheoladh chuig an duine aonair in ionad an tríú páirtí. Is féidir leis an duine aonair an cinneadh a dhéanamh ansin an t-eolas sin a roinnt leis an tríú páirtí tar éis an deis a fháil athbhreithniú a dhéanamh air.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí nuair atá a sonraí míchruinn, faoi Airteagal 16 den Rialachán, iarraidh go gceartófar iad, agus sonraí pearsanta neamhiomlána a chomhlánú bunaithe ar fhaisnéis a chuir siad ar fáil.
Ní mór d’Údarás na Gaeltachta freagra a thabhairt ar iarratais den chineál seo nuair is cuí, agus céimeanna a ghlacadh chun an fhaisnéis a chuireann an t‑ábhar sonraí ar fáil a fhíorú chun a chinntiú go bhfuil sí cruinn, sula ndéantar aon cheartúcháin.
Cén uair a bhíonn feidhm leis an gceart chun ceartúcháin?
Má bhíonn ar Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta daoine a cheartú, ní mór don eagraíocht aon tríú páirtí ar nochtadh na sonraí sin dóibh a chur ar an eolas freisin, mura mbeadh sé dodhéanta nó ina iarracht dhíréireach é sin a dhéanamh.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí faoi Airteagal 17 den Rialachán a gcuid sonraí a ‘scriosadh’ i gcásanna sonracha áirithe – go bunúsach nuair nach gcomhlíontar próiseáil faoi na Rialacháin. Ní mór don Údarás freagra a thabhairt ar iarratas den tsórt sin gan mhoill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin, ach is féidir síneadh ama a fháil i gcúinsí áirithe.
Cén uair a bhíonn feidhm leis an gceart chun scriosadh?
Má bhíonn ar Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta a scriosadh, ní mór don eagraíocht aon tríú páirtí ar nochtadh na sonraí sin dóibh a chur ar an eolas freisin, mura mbeadh sé dodhéanta nó ina iarracht dhíréireach é sin a dhéanamh.
Sonraí curtha ar fáil sa réimse poiblí
Má tá sonraí pearsanta curtha ar fáil go poiblí ag an eagraíocht, nuair atá orthu na sonraí a scriosadh, ní mór don eagraíocht rialaitheoirí eile atá ag próiseáil na sonraí a chur ar an eolas go bhfuil iarrtha ag an ábhar sonraí na sonraí a scriosadh. Ní mór céimeanna réasúnacha a thógáil chun an oibleagáid a chomhlíonadh agus ní mór, an teicneolaíocht atá ar fáil agus an costas a bhaineann le cur chun feidhme, a chur san áireamh.
Díolúintí ón Cheanglas Rialála seo
Níl feidhm ag an oibleagáid seo más gá próiseáil a dhéanamh:
Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta diúltú d’iarratas ar léirscriosadh a chomhlíonadh nuair a fheidhmíonn ceann do na díolúintí mar a leagtha amach in Airtigeal 17.2 den Rialachán.
Ní phróiseálfaidh Údarás na Gaeltachta sonraí pearsanta ach amháin i gcás go bhfuil bonn dleathach ann é sin a dhéanamh. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le hábhair sonraí bailithe ag Údarás na Gaeltachta le toiliú nó le conradh, tá an ceart ag an té is ábhar do na sonraí na sonraí a fháil i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín, agus tá an ceart acu na sonraí sin a tharchur chuig rialaitheoir eile.
Ní mór d’ Údarás na Gaeltachta freagra a thabhairt ar iarratas den tsórt sin gan mhoill agus laistigh de mhí amháin, cé gur féidir síneadh a fháil i gcásanna áirithe.
Tugann iarratas duine ar a s(h)onraí, faoin Rialachán, an ceart d’ábhair sonraí a gcuid sonraí a fháil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta, ach téann iniomparthacht sonraí níos faide ná sin agus éilíonn sí ar an rialaitheoir na sonraí a chur ar fáil i bhfoirm struchtúraithe, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín ionas gur féidir leis an ábhar sonraí é a aistriú chuig rialaitheoir sonraí eile, nuair atá sé indéanta go teicniúil é sin a dhéanamh.
Cén uair a bhíonn ceart iniomparthacht sonraí i bhfeidhm agus ar cén cineál sonraí?
Ní bhaineann an ceart chun inaistritheacht sonraí ach amháin le:
Formáidí d’iniomparthacht sonraí pearsanta
Cé nach n-éilíonn an Rialacháin aon chaighdeán teicniúil sonrach do shonraí a chuirtear ar fáil mar fhreagra ar iarratas ar inaistritheacht sonraí, ní mór na sonraí a sholáthraítear a bheith “i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín” chun go mbeidh na sonraí idir-inoibritheacha (interoperable). Cé nach bhfuil formáidí comhaid sonracha riachtanach, tugann Páirtí Oibre 29 (WP29) le fios go mbeadh formáid nach féidir a léamh ach faoi réir srianta ceadúnaithe costasacha á meas mar neamhleor.
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí faoi Airteagal 18 den Rialachán srian a chur ar phróiseáil a gcuid sonraí pearsanta, agus é seo á dhéanamh ní mór don Údarás a chinntiú:
Is féidir an méid faisnéise is gá amháin a choinneáil faoin ábhar sonraí chun a chinntiú go gcloífear leis an srian amach anseo.
Céard is brí le srian?
Faoin Rialachán, má tá sonraí pearsanta ‘faoi shrian’, ní fhéadfaidh Údarás na Gaeltachta ach na sonraí a stóráil. Ní cheadaítear próiseáil bhreise a dhéanamh orthu ach amháin:
Má tá na sonraí sin nochtaithe do thríú páirtithe, ní mór don eagraíocht aon tríú páirtí ar nochtadh na sonraí sin dóibh a chur ar an eolas freisin, mura mbeadh sé dodhéanta nó ina iarracht dhíréireach é sin a dhéanamh.
Cén uair a mbíonn an srian seo infheidhme?
Beidh ar Údarás na Gaeltachta srian a chur leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta sna cúinsí seo a leanas:
Má tá na sonraí pearsanta sin roinnte le tríú páirtithe, ní mór teagmháil a dhéanamh le gach faighteoir agus iad a chur ar an eolas faoin srian ar an bpróiseáil – ach amháin má tá sé dodhéanta nó má bhaineann sé le hiarracht mhíchothrom. Má iarrtar é, caithfidh tú an duine lena mbaineann na sonraí a chur ar an eolas faoi na faighteoirí sin freisin.
Tá sé de cheart ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh a bhunaítear ar an bpróiseáil uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú, a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla aige a bhaineann leis nó léi nó lena n-imrítear éifeacht shuntasach, air nó uirthi Ach is féidir le Údarás na Gaeltachta cinnteoireacht uathoibríoch den sórt sin a dhéanamh más gá é chun conradh leis an ábhar sonraí a chomhlíonadh, má tá sé údaraithe faoi dhlí an Aontais nó dlí Bhallstáit, nó má tá toiliú sainráite tugtha ag an ábhar sonraí.
Bearta Cosanta agus Tomhais
Cinntíonn Údarás na Gaeltachta go bhfuil bearta cosanta agus tomhais chuí i bhfeidhm nuair a bhíonn sé ag gabháil do chinnteoireacht uathoibrithe aonair, lena n-áirítear próifíliú, chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí a chosaint. Áirítear leis na bearta seo:
Cearta a Fheidhmiú agus Idirghabháil Dhaonna a Fháil
Tá sé de cheart ag ábhair sonraí atá faoi réir cinnteoireachta uathoibrithe aonair, lena n-áirítear próifíliú, idirghabháil dhaonna a iarraidh, a ndearcadh féin a chur in iúl, agus agóid a dhéanamh. Is féidir teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta ag acs@udaras.ie chun go bhféadfaidh ábhair sonraí na cearta seo a fheidhmiú agus tuilleadh eolais a lorg maidir leis na próisis cinnteoireachta uathoibrithe.
Díolúintí
Féadfar an ceart chun idirghabhála daonna agus an ceart chun cur i gcoinne cinneadh, a theorannú nó a eisiamh i gcásanna áirithe, má tá gá leis sin do leas an phobail, bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí Ballstáit, nó má tá bearta coimirce i bhfeidhm chun cearta agus saoirsí na hábhair sonraí a chosaint.
Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (MTCS)
Nuair atá próiseáil uathoibríoch nó próifíliú ard‑riosca i gceist, déanann Údarás na Gaeltachta Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí chun rioscaí a aithint agus a mhaolú.
Ní mór d’Údarás na Gaeltachta gníomhú ar iarratais duine ar a s(h)onraí a luaithe a bheidh a bhféiniúlacht deimhnithe. Tá an nós imeachta chun freagra a thabhairt ar iarratais duine ar a s(h)onraí leagtha amach i dTábla 1. Beidh sonraí gach céim éagsúil ag brath ar nádúr an iarratais agus ar na córais ina bhfuil na sonraí stóráilte.
Tábla 1- Nós Imeachta Iarratas Duine ar a S(h)onraí
| Céim | Cur Síos |
| Iarratas Duine ar a S(h)onraí ó Ábhar Sonraí Faighte | Cuireann an tÁbhar Sonraí iarratais duine ar a s(h)onraí isteach trí cheann de na modhanna, lena n-áirítear go leictreonach (trí ríomhphost nó suíomh idirlíon), trí litir sa phost nó trí theileafón. D’fhéadfaí glacadh le hiarratas ó aon áit san eagraíocht agus ba chóir é a sheoladh ar aghaidh chuig acs@udaras.ie láithreach. |
| Tuairisc a choinneál ar Iarratais Duine ar a S(h)onraí | Ba chóir an t-iarratas a loga ar Chlár Iarratais Duine ar a S(h)onraí le dáta an iarratais san áireamh. |
| Deimhnigh aitheantas an ábhair sonraí | Deimhnigh aitheantas an ábhair sonraí tríd an modh atá leagtha síos. Féadfar eolas sa bhreis a iarradh chun aitheantas a dheimhniú. Muna féidir aitheantas an tÁbhar Sonraí a dheimhniú diúltófar an t-iarratas agus déantar teagmháil leis an tÁbhar Sonraí chun an cúis seo a mhíniú. |
| Measúnú a dhéanamh ar Iarratas Bhailí | Ar tógadh na céimeanna cuí le cruinneas an Ábhair Sonraí a chinntiú? |
| Aimsigh na Sonraí Pearsanta | Bain úsáid as léaráidí den sreabhadh sonraí le léiriú go cruinn na córais ina bhfuil na sonraí pearsanta atá iarrtha á stóráil. |
| Bailigh na Sonraí Pearsanta Iarrtha | Bailigh na sonraí pearsanta atá iarrtha. |
| Folaigh Sonraí | Folaigh aon sonraí mar a leagtar amach i gceann do na Díolúintí |
| Tabhair Freagra ar Ábhar Sonraí | Tabhair freagra ar an Ábhar Sonraí leis na sonraí mar atá iarrtha (taobh istigh de 30 lá). |
| Dún an Iarratas ar Iarratais Duine ar a S(h)onraí | Déan freagra an iarratais a loga ar chlár iarratais duine ar a s(h)onraí i dteannta leis an dáta dúnta. |
Aguisín 1 – Díolúintí ó Iarratas Duine ar a S(h)onraí’
Is féidir le Údarás na Gaeltachta Iarratas Duine ar a S(h)onraí’ a dhiúltú:
Níor cheart go ndéanfadh an ceart chun cóip a fháil dochar do chearta agus do shaoirsí daoine eile, lena n-áirítear rúin thrádála nó maoin intleachtúil, agus go háirithe an chóipcheart a chosnaíonn an bogearraí; áfach, níor cheart go mbeadh toradh na measúnuithe sin ina dhiúltú gach faisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí (Aithris (63) den Rialachán).
Tá gach dlínse laistigh den Aontas Eorpach i dteideal a bhForálacha Náisiúnta sonracha féin freisin. Go bunúsach, is díolúintí uathúla ón Rialachán iad na forálacha náisiúnta seo atá bunaithe ar reachtaíocht náisiúnta.
Aguisín 2 – Díolúintí a cuireadh i bhfeidhm d’ Iarratas Duine ar a S(h)onraí’
Nuair a chuirtear díolúintí i bhfeidhm nó nuair a chuirtear srian ar cheart rochtana ábhair sonraí ar bhealach ar bith, ní mór an tábla seo a leanas a chomhlánú do shonraí pearsanta nach gcuirtear ar fáil don ábhar sonraí agus an chúis le srian a chur leis an gceart rochtana a chur san áireamh.
| Uimhir thagartha inmheánach | Tuairisc ar na sonraí (ábhar) | Dáta ar chruthaíodh na sonraí | Cúis le aon diúltú d’iarratas ar na sonraí seo | Alt den Acht 2018 faoina gcuirtear srian ar an gceart rochtana |