Cabhraigh linn ár láithreán gréasáin a fheabhsú

Rónán Mac Con Iomaire

Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga

Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
H91 TY22

091 503100 ronan@udaras.ie

Is é Rónán Mac Con Iomaire Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, faoina dtagann cúramaí pleanála teanga, forbairt pobail, mionfhiontraíocht agus eile.

Roimhe seo, bhí sé ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge ar RTÉ agus ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Tá cúlra iriseoireachta agus mionfhiontraíochta ag Rónán.  Bhí sé ina Chomhfhreagraí Rialtais Áitiúil do Nuacht RTÉ agus TG4, áit ar bhuaigh sé gradaim as a chuid iriseoireachta, chomh maith le bheith ag scríobh do leithéid an Irish Independent, Evening Herald agus an Irish Times.

Chaith sé tréimhsí freisin i mbun a chuid comhlachtaí féin, ag feidhmiú i réimsí na margaíochta agus an fháilteachais.

Bronnadh gradam Scríbhneoir Úr na Bliana ar Rónán as a bheathaisnéis ar an dornálaí Seán Ó Mainnín, an leabhar Gaeilge is tapúla díol riamh, agus ar ar bunaíodh an scannán faisnéise, Rocky Ros Muc.  D'fhoilsigh Rowman & Littlefield a dara leabhar, The Man Who Was Never Knocked Down, in 2018.