Caitlín Ní Bhroin

Comhalta den Údarás

Is Oifigeach Pleanála Teanga í Caitlín Ní Bhroin i gCloch Cheann Fhaola, Co. Dún na nGall. Rugadh agus tógadh Caitlín i Machaire Rabhartaigh agus tá seacht mbliain is fiche caite aici ag obair leis an Ghaeilge ar fud na hÉireann. Tá B.A. aici i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge agus M. Res bainte amach aici ar Fhilíocht na mBard sa 17ú Aois.