Drioglann Uisce Beatha Dhaingean Uí Chúis Teo. (Dingle Distillery)

Baile an Mhuilinn,
Daingean Uí Chúis,
Co. Chiarraí

Bhunaigh Liam LaHart, Oliver Hughes agus Peter Mosley Drioglann Dhaingean Uí Chúis i ngeimhreadh na bliana 2012. Líonadh an chéad bhairille d’uisce beatha Dhaingean Uí Chúis an 18ú Nollaig 2012. Trí bliana agus lá níos déanaí ar an 19ú Nollaig 2015 scaoileadh bairille amháin. A fhad is a bhí siad ag fanacht ar an uisce beatha teacht chun inmhe, chruthaigh siad Vodca agus Gin Dhaingean Uí Chúis, deochanna a bhfuil gradaim go leor buaite acu ó shin, agus an jin ar an gceann is fearr ar domhan ag Gradaim Jin an Domhain in 2019. I nDeireadh Fómhair 2019 thosaigh Graham Coull mar mháistir dhriogaire sa nDrioglann.

Ciarraí Bia agus Deoch Turasóireacht