Dingle Sushi

Aonad 1 Páirc Ghnó na Coille,
Daingean Uí Chúis,
Co. Chiarraí

Bhunaigh Magdalena agus Marcin Kopec Dingle Sushi in 2014. Cuireann an comhlacht bia na Seapáine le blas na hEorpa ar fáil dá gcuid custaiméirí. Tá na táirgí ar fad a dhéanann siad lámhdhéanta ag úsáid comhábhair áitiúla nuair is féidir. Sa mbliain 2016, le cabhair ó Údarás na Gaeltachta, bhog an comhlacht go dtí aonad táirgthe proifisiúnta. Ó shin tá a mbunús custaiméirí méadaithe go seasamh agus iad ag freastal ar Chontae Chiarraí ar fad anois.

Ciarraí Bia agus Deoch