Tá contae Mhaigh Eo lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann i gCúige Chonnacht. Is iad Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha agus Cathair na Mart na bailte is mó sa chontae.
Tá an mhórchuid de Ghaeltacht Mhaigh Eo lonnaithe sa leath thiar den chontae agus tá codanna de thrí cheantar ar leith sa Ghaeltacht: Tuar Mhic Éadaigh, Acaill agus Iorras.
Contae mór fairsing is ea contae Mhaigh Eo le dlús daonra íseal. Fágann sé sin go bhfuil go leor den chontae, na ceantair Ghaeltachta san áireamh, neamh-mhillte ag an bhforbairt. Tá buntáistí agus gnéithe sainiúla ag gach ceann de na ceantair laistigh de Ghaeltacht Mhaigh Eo.
Tá ceantar Iorras buailte le cósta thuaidh Mhaigh Eo agus tá aoibhneas an dúlra le feiceáil i ngach aon áit ann. Ceantar é seo ina bhfuil go leor láithreacha suimiúla staire agus cultúrtha cosúil le Ionad Deirbhile san Eachléim agus Achaidh Chéide. Tá cáil ar Mhaigh Eo mar cheann scríbe do ghníomhaíochtaí eachtrúla freisin agus is féidir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cosúil le tonnmharcaíocht, dreapadóireacht agus rothaíocht i gceantar Iorrais agus i gceantar Acla.
Is é Acaill an t-oileán is mó sa tír agus tá sé ceangailte leis an mórthír le droichead.
Tá ceantar Thuar Mhic Éadaigh i nDeisceart an chontae agus tá cáil ar an gceantar seo go háirithe de bharr go bhfuil sé buailte le loch mór iascaireachta, Loch Measc, agus Coill Thuar Mhic Éadaigh.
San áireamh sna tionscail atá ag feidhmiú i nGaeltacht Mhaigh Eo tá an teicneolaíocht faisnéise agus an earnáil cumarsáide, innealtóireacht, déantús forbhianna, leictreonaic agus déantús acmhainní nádúrtha marabhunaithe. Le cúpla bliain anuas, tá roinnt comhlachtaí nuálaíocha bunaithe i Maigh Eo, agus iad ag baint úsáide as acmhainní iomadúla an chontae ó thaobh dúlra, áiseanna agus daoine de. Tá cuid acu seo lonnaithe sa gréasán gteic atá forbartha cheana i nGaeltacht Mhaigh Eo agus ata a fhorbairt i gcónaí. Tá deiseanna ar leith ar fáil d’fhiontraithe Gaeltachta Mhaigh Eo de bharr go bhfuil aerfort idirnáisiúnta lonnaithe sa chontae agus tá tacaíochtaí ar fáil ón Údarás le lonnú in aon cheann de na ceantair Ghaeltachta sa chontae. Tá feiniúlacht agus pobal láidir sa chontae chomh maith, agus nasc láidir leis an diaspóra, go háirithe ag muintir Acla le muintir Cleveland, Ohio. Fágann an spiorad seo i measc mhuintir an chontae mar aon leis na seirbhísí atá ar ann gur áit iontach í Maigh Eo le bheith ag cónaí ann.
Ceanglaíonn príomhbhóthar náisiúnta an N59 agus an bóthar R313 Béal an Mhuirthead leis an gcuid eile den chontae. Ceanglaíonn an N59/N17/M17 an contae le Gaillimh agus le Sligeach agus ceanglaíonn an N4/M4 an contae le Baile Átha Cliath.
Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire
Tuilleadh eolais: knockairport.com
Tá gach páirt de Ghaeltacht Mhaigh Eo insroichte ó príomhbhailte móra na hÉireann. Tá seirbhísí éagsúla traenach go laethúil chuig agus as bailte Mhaigh Eo.
Tuilleadh eolais: www.irishrail.ie agus www.buseireann.ie
Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar fáil i gContae Mhaigh Eo, idir ghalf, eachaíocht, siúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, ealaíona, cheardaíocht agus rothaíocht.
Páirc Gnó an Údaráis,
Tuar Mhic Éadaigh
Co. Mhaigh Eo
F12 W5X7
Éire
Coill an tSiáin,
Co. Mhaigh Eo
Halla Pobail Thuar Mhic Éadaigh,
Tuar Mhic Éadaigh
Clár Chlainne Mhuiris
Co Mhaigh Eo.
F12 D990
Eastát Tionsclaíochta Áit Tí Conáin,
Béal an Mhuirthead,
Contae Mhaigh Eo,
Éire.
Oileán Oileán Acla,
Acaill,
Co. Mhaigh Eo,
Acaill,
Co. Mhaigh Eo
Áras Forbairt Acla,
Caol,
Acaill,
Co. Mhaigh Eo
F28TX49
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo
Eastát Tionsclaíoch Bhéal an Mhuirthead,
Bóthar Bhéal an Átha,
Béal an Mhuirthead,
Co. Mhaigh Eo
Bun an Chorraigh,
Acaill,
Co. Mhaigh Eo
F28 HT29
Cuan Eilí,
Béal an Átha,
Co. Mhaigh Eo
Údarás na Gaeltachta,
An Áislann,
Bóthar an tSéipéil,
Béal an Mhuirthead,
Co. Mhaigh Eo
F26 W5H0
Tuar Mhic Éadaigh,
Co. Mhaigh Eo
Béal an Mhuirthead,
Co. Mhaigh Eo
1 An Cuan,
Béal an Mhuirthead,
Béal an Átha
Co. Mhaigh Eo
Éire
Eachléim
Fód Dubh
Béal an Átha
Co. Mhaigh Eo
F26W3W5