Tábla Ábalta

Bunaíodh Tábla Ábalta Teoranta i mí Eanáir 2015 chun gnó déantús boird atá oiriúnach do dhaoine atá i gcathaoir rotha a thosú. Déanann siad an dearadh, an fhorbairt agus an díol iad féin. Ta siad i mbun gnó anois le 3 bliana agus beirt fostaithe go lánaimseartha acu.

Tá ceathrar úsáideoirí cathaoireacha rothaí in ann suí ag an tábla seo chomh maith le ceathrar ball foirne, cúramóirí nó piaraí, rud a dhéanann an saol níos éasca do na húsáideoirí seirbhíse agus do na cúramóirí.   Ó thaobh a fheidhmithe de, tá an bord deartha sa chaoi go bhfuil sé níos éasca cúram a thabhairt do lucht an chathaoir rotha is cuma cén méid ná dearadh atá ar an gcathaoir rotha.

Pictiúr don Tábla Ábalta in úsáid

Pictiúr don Tábla Ábalta
Féadfaidh an Tábla Ábalta deisigh freastal ar chathaoireacha rothaí de gach cruth agus airde.
pictúir don Tábla Ábalta Céadfach
Tá 4 cinn de ghearrthóga inbhainte agus 4 cinn d’ionsáiteáin báisín ar fáil leis an Tábla Ábalta Céadfach, rud a éascaíonn glantachán agus obair chéadfach inrochtana agus spraoi prácáis.
Pictiúr don Tábla Ábalta Néata
Tá ceathrar in ann suí ag an Tábla Ábalta Néata , rud a fhágann é an-fheiliúnach do sheomraí beaga agus do thimpeallachtaí cónaitheacha. Féadfaidh suas le beirt úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus beirt phiaraí suí ag an mbord.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Sholáthraigh an tÚdarás áis déantúsaíochta don chomhlacht i Ráth Chairn, Co. na Mí agus deontais bunaithe ar riachtanais an chomhlachta ag an am.

Tuilleadh eolais

Pictúir don Tábla Áblta
Pictiúr congarach Tábla Áblta
Tábla Ábalta ag gradaim an SFA
Ag cur le chéile ceann de bhoird Tábla Ábalta ag Ionad Chúraim Phobal Abbyleix