Snáth Dhún Na nGall

Tá Snáth Dhún na nGall suite idir na cnoic in Iardheisceart Dhún na nGall agus an tAigéan Atlantach. Is é an t-aon mhuileann cardála sníomh olla atá fágtha sa tír agus atá ag feidhmiú ar bhunús tráchtála. Cuireadh an snáth seo ar mhargaí ar fud na cruinne níos mó ná céad bliain ó shin agus tá clú ar tháirgí Shnáth Dhún na nGall go hidirnáisiúnta dá bharr. Tá próiseas táirgeachta ingearach ag an gcomhlacht a thosaíonn le hamholann agus a chríochnaíonn le bréidín ildaite mionbhreactha, a dhírítear ar an earnáil fíodóireachta, cniotála agus ceardaíochta.

Pictiúr don ábhar a mbíonn á úsáid ag Snáth Dhún na nGall

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht ón Údarás thug an comhlacht faoi chlár athnuachana agus uasghrádaithe ar an gcóras leictreach, mar aon le fuinneoga agus doirse a athnuachan, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar phróifíl an chomhlachta agus a dtáirgí trí na meáin shóisialta.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do oibrí taobh istigh do ionad Snáth Dhún na nGall
Pictiúr do chósta Dhún na nGall
Pictiúr do ceann de na meaisín Snáth Dhún na nGall
Piciúr tógtha ag Paul Doherty do fostaí ag obair ar ábhar taobh istigh do ionad oibre Snáth dhún na nGall