Salann Mara Acla

Is gnó teaghlaigh é Salann Mara Acla a bunaíodh in 2013. Ag baint úsáide as modhanna traidisiúnta agus teicneolaíocht nua-aimseartha, déanaimid an t-uisce farraige a ghalú go mall chun calóga íon, bán, salainn mara a fháil. Leánn na criostail bhog salainn i mbia, ag cur blas den scoth ar bhia.  Is í an fhís atá againn ná poist fhadtéarmacha, inbhuanaithe a chruthú ar Acaill agus an ceantar a chur chun cinn mar cheann scríbe taithí bia.

Image of the Achill Island Salt Staff

Pictiúr do trá oiléan Acla
Salann mara íon agus nádúrtha a bhfuil duaiseanna bainte amach aige

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Chabhraigh Údarás na Gaeltachta le Salann Mara Acla/Salann Mara Oileán Acla le hionad uathúil cuairteoirí agus saoráid táirgthe salainn a fhorbairt. D’oscail an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Michael Ring TD é seo go hoifigiúil i mBun an Churraigh. Cuireann Ionad Cuairteoirí Salann Mara Oileán Acla turas oideachasúil taobh thiar de na radhairc ar fáil dá n-áis táirgthe salainn mara uathúil, traidisiún a bhí ann ar Acaill go dtí na 1800ídí. Tá an t-ionad cuairteoirí agus an tsaoráid táirgthe salainn mara suite i saoráid de chuid Údarás na Gaeltachta i mBun an Churraigh, Acaill.

achillislandseasalt.ie

Pictiúr do brioscarán seacláid le Salann mhara Acla
Pictúir do Builín síobhas agus gairleog le salann mhara Acla
Pictiúr do pota méaraithe
Pictiúr don tUasal Micheal Ring, an tAire forbartha tuaithe agus pobail, ag oscailt oifigiúil an Ionad cuairteoirí Salann mara Acla.