Image from the Ceoil Ar An Imeall series

Bróga Dearga Teoranta

Is comhlacht léiriúcháin teilifíse é Bróga Dearga Teoranta a fheidhmíonn ar bhonn neamhspleách i nGaeltacht Phort Láirge. Bunaíodh an comhlacht sa bhliain 2007 agus é mar aidhm i gcónaí acu cláir a chruthú atá samhlaíoch, meabhrach agus a bhfuil ábhar machnaimh iontu. Déantar freastal ar chuile chineál lucht féachana agus craoltóir. I measc na sraithe a cruthaíodh tá Imeall agus Hub, a rinneadh i gcomhair le TG4, ceann de chraoltóirí poiblí náisiúnta na hÉireann. Bhain an comhlacht gradam IFTA (Irish Film & Television Award) amach do chlár a chur sé le chéile in ómós do Shéamus Heaney. Tá físeanna corparáideacha déanta aige do chomhlachtaí corparáideacha áirithe agus tá i gceist aige cur leis an obair seo amach anseo.

Image from Hup – Traditional Irish Music Series on TG4

Donal Lunney ag casadh port ag an nGradam Ceoil
Donal Lunney ag casadh port ag an nGradam Ceoil

Cén chaoi ar Chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta osclaíodh oifig agus seomra eagarthóireachta nua i mBaile na nGall, Co. Phort Láirge. Tá an fhorbairt seo sa bhreis ar na háiseanna agus na seirbhísí atá ar fáil ón oifig atá ag an gcomhlacht i mBaile Átha Cliath, rud a chabhraigh go mór leis an gcomhlacht cur leis an méid ábhar atá á chruthú acu agus chuir an trealamh nua sa gcomhlacht ar a chumas léiriúcháin ar chaighdeán níos airde a chruthú. Ina theannta sin, bhíodar in ann breis céimithe a fhostú leis na scileanna agus an saineolas cuí chun cur le hobair an chomhlachta

Tuilleadh eolais

Image from the short documentary Hataí
Red Shoe collect an IFTA award
Image of Red Shoe filming the Fleadh Cheoil in DroghedaI'm nIf