Togra cultúir agus oidhreachta is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne, atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, i Chontae Chiarraí. Tá an Oidhreacht ar an bhfód ó 1980, agus é ar cheann d’fho-chomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbun foilsitheoireachta ar shaothar taighde, seandálaíochta, litríochta, staire agus béaloidis ó céad bunaíodh í sa bhliain 1980. Cuireadh na foilseacháin seo ar fad i gcrích i gcomhar le húdair áitiúla Chorca Dhuibhne agus le hinstitiúidí oideachais agus cultúir ar fud na hÉireann.
Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne tríd na scéimeanna éagsúla ábhartha a fógraítear i gcaitheamh na bliana.