Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Togra cultúir agus oidhreachta is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne, atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, i Chontae Chiarraí. Tá an Oidhreacht ar an bhfód ó 1980, agus é ar cheann d’fho-chomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.  

Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mbun foilsitheoireachta ar shaothar taighde, seandálaíochta, litríochta, staire agus béaloidis ó céad bunaíodh í sa bhliain 1980. Cuireadh na foilseacháin seo ar fad i gcrích i gcomhar le húdair áitiúla Chorca Dhuibhne agus le hinstitiúidí oideachais agus cultúir ar fud na hÉireann.

Baile an Fheirtéaraigh i Chorca Dhuibhne, Co. Ciarraí

“Is é is brí le hoidhreacht ná suim na n-acmhainní atá againn chun maireachtana”  — Doncha Ó Conchúir, duine de bhunaitheoirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne tríd na scéimeanna éagsúla ábhartha a fógraítear i gcaitheamh na bliana.

Tuilleadh eolais