Meitheal Trá na Rinne

Bunaíodh Meitheal Trá na Rinne Teo sa bhliain 1990 le hoisrí a réiteach agus a dhíol dá mbaill táirgeoirí i gCuan Dhún Garbhán. Suite i nGaeltacht na Rinne, faoi láthair, díolann an comhlacht táirgí den scoth ó cheithre fheirmeoir oisrí, a tháirgeann tuairim is 500-600 tonna oisrí d’ardchaighdeán eatarthu in aghaidh na bliana.

Soláthraíonn suíomh idileach an chomhlachta, atá lonnaithe i gcuan taoide ar chósta dheisceart na hÉireann, dálaí fáis uathúla dá chuid oisrí. Tá monarcha d’ardchaighdeán ag Meitheal Trá na Rinne anois chun an táirge a ghrádú agus a réiteach don mhargadh.

Pictiúr de n'Oisrí den scoth atá á sholáthar ag Meitheal Trá na Rinne

An Rinn
Fásann Oisrí Mheitheal Trá na Rinne in uiscí an Atlantaigh Fhiáin a líonann Bá Dhún Garbháin faoi dhó sa ló, chuile lá.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Mar thoradh ar thacaíocht a fuarthas ó Údarás na Gaeltachta tá monarcha ar ard-chaighdeán, leis an trealamh is nua-aimseartha tógtha ag Meitheal Trá na Rinne, áit a ngrádaítear agus a réitítear an táirge don mhargadh. Tá dea-thioncar na tacaíochta seo le sonrú ní amháin tríd an bhfostaíocht dhíreach a cruthaíodh sa chomhlacht féin, ach ina theannta leis an éifeacht seachtháirge atá le feiceáil sa cheantar máguaird.

Tuilleadh eolais

Pictúir d'Oisrí
Pictiúr do Bá Dún Garbhán
Pictiúr do taracóir ar bá Dún Garbhán
Pictiúr d'Oisrí