Louis Mulcahy Pottery

Nuair a bhuaigh Louis Mulcahy an chéad duais do photadóireacht sa Chomórtas Ceardaíochta Náisiúnta i 1975, shocraigh sé a cheardlann a bhogadh as Baile Átha Cliath go dtí an Daingean. Le beagnach caoga bliain tá Louis ag déanamh taighde ar ábhair agus ag táirgeadh dearthaí nua. Is í an fhís atá aige an chriadóireacht aeistéitiúil agus is fearr ó thaobh na teicneolaíochta de a chur ar fáil agus stiúideo / ceardlann a fhorbairt a thabharfadh oidhreacht ar stair fhadtéarmach árthaí láimhe na hÉireann.

Déanann Louis a chuid glónraí féin ó shilice nádúrtha, floscanna agus mianraí dathúcháin. Déantar corp an cré ó chumasc earraí cruachré agus poircealláin den chaighdeán is airde. Tá aitheantas domhanda bainte amach ag Louis mar gheall ar shárchaighdeán a chuid earraí. Tá clú ar a chuid earraí potadóireachta.

Tá Louis fós i mbun oibre ag Trá Chloichir, in Iarthar an Daingin. Tá lorg na hÉireann le feiceáil ar a shaothar agus tá áilleacht na háite le feiceáil iontu chomh maith.

Image of Louis Mulcahy Pottery flower pots

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Thacaigh Údarás na Gaeltachta le forbairt ghnó, le fostaíocht, agus le soláthar áiseanna teicneolaíochta agus tionsclaíocha. Cúrsaí oiliúna agus seimineáir éagsúla a chomhordú thar lear chun gnó nua a bhaint amach, a bhfuil méadú tagtha ar ghnó Louis Mulcahy Pottery mar thoradh air. Tá Louis Mulcahy ar cheann de na fostóirí is mó sa cheantar.

Buail isteach chuig Louis Mulcahy Pottery/Potadóireacht na Caolóige, ceardaíocht Ghaeltacha den scoth, deis bualadh faoin bpotaireacht tú féin sa gceardlann nó greim le n-ithe a fháil i gCaifé na Caolóige!

Tuilleadh eolais

Image of a tea-set available from Louis Mulcahy
Image of Louis Mulcahy at work in his studio
Cafe at Louis Mulcahy
Three flowerpots varying in size created by Louis Mulcahy