Ag bun na hEaragaile agus taobh le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, tá cuairteoirí ag teacht go hIonad Cois Locha le beagnach 40 bliain anuas. Thosaigh an tionscadal amach le músaem beag, caifé agus siopa, agus tá sé ina anois ina thaitneamhacht shuntasach sa cheantar.
Tá cúnamh deontais curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun na foirgnimh a fhorbairt, an trealamh a cheannach agus an fhoireann a earcú. Ó shin i leith, tá forbairt tagtha ar an bhfiontar sóisialta seo agus tá crús báid, limistéir spraoi, siopa mór ceardaíochta, teach fíodóra ina bhfuil seol feidhmiúil agus amharclann ar fáil.