Cniotáil Inis Meáin

Bunaíodh Cniotáil Inis Meáin ar an oileán in 1976. Ba é spiorad, timpeallacht agus oidhreacht na háite a spreag Tarlach de Blácam agus Áine Ní Chonghaile an comhlacht a bhunú.

Ba céimí i dTeangacha Ceilteacha as Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bhí i dTarlach agus chuaigh sé go hInis Meáin ag deireadh na seascaidí, mar a rinne scoláirí roimhe, chun é féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr an oileáin. Ba de bhunaidh an oileáin í Áine agus bhí sí ag obair mar mhúinteoir i mBaile Átha Cliath ag tús na seachtóidí. Phós an bheirt in 1973 agus bhí siad meáite cur fúthu ar an oileán. D’fheistigh siad amach monarcha bheag le sé mheaisín cniotála agus chuaigh i mbun oibre le hógánaigh an oileáin a raibh a gcuid máithreacha ag cniotáil sa mbaile don tionscail turasóireachta.

Pictiúr d'úinéir Cniotáil Inis Meáin taobh amuigh dhá siopa agus é ag caitheamh ceann dhá chuid geansaithe

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá an tÚdarás ag oibriú go dlúth le Cniotáil Inis Meáin le blianta fada. Chabhraigh an tÚdarás le Cniotáil Inis Meáin an gnó a fhorbairt ón mbonn aníos sa tréimhse sin.

Tuilleadh eolais

Pictiúr don olann a mbíonn á n-úsáid sna ngeansaithe
Pictiúr do geansaí ar crochadán
Sean phictiúr do muintir Inis Meáin os comhair sean bhallaí an Oileáin