Freudenberg Medical

Tá Freudenberg Medical, Cambus Medical tráth, lonnaithe sa Spidéal ó 2006. Déanann oibríochtaí an chomhlachta sainchúram de dhearadh, forbairt, agus déantúsaíocht teicneolaíochtaí gléas leighis miotalbhunaithe rí-thábhachtacha i gcomhair cataitéaraí íosionracha. Tá an eagraíocht ina comhpháirtí dílis ag mórchomhlachtaí gléas leighis eile timpeall na cruinne le cáil do nuálaíocht, seirbhís, agus caighdeáin cháilíochta den scoth.

Bunaithe mar Cambus Medical, chuaigh an comhlacht isteach i gcomhpháirtíocht comhfhiontair le Freudenberg Medical i 2012, agus i 2023 d’aistrigh sé isteach go hiomlán go Freudenberg Medical.

Fostaíonn Freudenberg Medical os cionn 1,000 duine in Éirinn, ag seoladh níos mó ná 16 milliún cataitéaraí íosionracha casta chuile bliain óna oibríochtaí sa Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma., atá le chéile ar achar 200,000 troigh cearnaithe.

Tá gar do 300 duine fostaithe faoi láthair ag Freudenberg Medical sa Spidéal, ag obair i bpoist innealtóireachta, Taighde & Forbairt, oibríochtaí déantúsaíochta, dearbhú cáilíochta, agus seirbhísí tacaíochta.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Chuir an tÚdarás áis déantúsaíochta ar fáil, agus le linn don chomhlacht méadú thar roinnt céimeanna soláthraíodh tuilleadh spáis agus cúnamh deontais bunaithe ar riachtanais an chomhlachta ag an am.

I 2023, le tacaíocht ón Údarás, d’oscail an comhlacht go hoifigiúil áis leathnaithe nua, ag méadú a lorg déantúsaíochta faoi 50%. D’fhógair sé freisin go raibh sé i gceist aige a fhoireann a mhéadú faoi 25%, ag cur leis 100 phost nua.

Is ionann an áis sa Spidéal agus infheistíocht iomlán de os cionn €2 milliún ó Údarás na Gaeltachta.

Tuilleadh eolais

Image of Laser Weld process
Meeting at Cambus Medical
Needles
Accept Hub