Sméara dubha

Folláin

Cuireadh tús le Folláin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí sa bhliain 1983 ag baint úsáide as oideas marmaláide a théann siar céad bliain agus a tugadh don teaghlach thar trí ghlúin. Anois 30 bliain níos deireanaí tá 30 subh éagsúil acu agus níos mó ná 70 táirge Folláin, lena n-áirítear réimse suibhe agus anlainn saor ó shalann agus shiúcra. Tá siad tiomanta do bhia maith a tháirgeadh ag úsáid na comhábhair is fearr dá bhfuil acu.

Tá an t-ainm Folláin aitheanta ar fud na tíre ó thaobh caighdeáin a chuid táirge. Is iomaí gradam agus duais náisiúnta agus idirnáisiúnta atá buaite acu as feabhas a dtáirgí atá ar fáil ar fud na hÉireann. Le roinnt blianta anuas chuir Folláin ballchrích le háis déantúsaíochta den scoth ar ardchaighdeán ar a suíomh i mBaile Bhuirne. Todhchaí mhór i ndán don gcomhlacht cumasach Gaeltachta seo.

Subh Folláin

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, d’éirigh le Folláin & le Peadar agus Máire Uí Lionaird an fhís bhlasta a bhí acu a fhíorú agus fás agus forbairt as cuimse a dhéanamh ar an ngnó ó thosaigh siad ina gcistin baile sna 1980idí. Le blianta beaga anuas tá an comhlacht ag seasamh go láidir ar a chosa féin agus bhí an tÚdarás in ann tacú leo chun tabhairt faoi thaighde cuimsitheach maidir leis an margadh ina bhfuil siad mar iomaitheoirí ann, rud a chabhraigh leo an réimse táirgí atá acu a fhás agus a leathnú chun freastal a dhéanamh ar éileamh an chustaiméara. Tá suas le 70 táirge den scoth acu anois cuid faoi bhranda Folláin agus cuid a thairgítear do chomhlachtaí agus brandaí eile.

Tuilleadh eolais

Image of the Folláin original 100 year old recipe
Image of Raspberry Ripple Frozen Yoghurt
Folláin Mess
Summer Pudding