Fáisc Miotail Éireann

Bhunaigh na deartháireacha Declan agus Brendan Ward Fáisc Miotail Éireann sa bhliain 2005. Is déantóirí uirlisí iad na deartháireacha agus tá réimse leathan taithí faighte acu le 25 bliain anuas. Tá taithí acu sa réimse déantúsaíochta páirteanna comhdhlúite agus d’oibrigh siad le gnólachtaí móra ar nós Ford, General Motors, Toyota agus BMW i gcaitheamh na mblianta.

Tá 70 duine fostaithe ag Fáisc Miotail Teoranta atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair Údarás na Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall. Comhlacht áitiúil iad atá i mbun gnó go hidirnáisiúnta.

Pictúir do thaobh istigh an comhlacht

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá fás suntasach tagtha ar Fháisc Miotail Éireann Teo a bhunaigh na deartháireacha Declan agus Brendan Ward in 2005 le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Thosaigh siad amach le triúr fostaithe agus anois tá os cionn 70 duine fostaithe sa chomhlacht. Tá margaí láidre easpórtála seanbhunaithe acu le leithéid Bentley, BMW, Honda, Jaguar Land Rover, Nissan agus Scania. Tá ceangal láidir cothaithe ag Fáisc Miotail Éireann Teo i bpobal Gaeltachta Dhún na nGall Thiar ag cur fostaíochta luachmhar ar fáil sa chomhlacht trádála idirnáisiúnta seo.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do seicéail caighdéan agus cinnteacht
Pictiúr do fostaithe Fáisc miotal ag obair
Pictiúr do Dhearadh agus déantúsaíocht uirlis dhathaigh
Pictiúr do Uirlis ó Fáisc Miotail