ÉireComposites

Bunaíodh ÉireComposites in 2002 chun gnó idirnáisiúnta páirteanna ilchodach a fhorbairt. Tá foireann láidir taighde, innealtóireachta, táirgeachta agus tástála forbartha ag an gcomhlacht agus tá fostaíocht d’ardchaighdeán sa ngnó. Tá níos mó ná 40 duine fostaithe ann.

Pictiúr do ÉireComposites ag críochnú Turbín do ORPC Commercial RivGen® Power Syst

Pictiúr don bombardier aerospace global 5000 ag eitilt
Cuireann ÉireComposites seirbhísí dearadh, uirlise, déantúsaíochta agus tástála ar fáil don tionscal idirnáisiúnta aeraspáis

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

D’oibrigh an tÚdarás leis an gcomhlacht ón tús chun spás feiliúnach a fhorbairt don ghnó ar an gCoill Rua, Indreabhán agus thug tacaíocht deontais chun an gnó a fhorbairt. Cuirtear an-bhéim ar Thaighde agus Forbairt sa chomhlacht agus ceadaíodh deontais Taighde agus Forbartha i rith na mblianta chun cuidiú leis an ngnó teicneolaíochtaí nua a fhorbairt.

Tuilleadh eolais

Pictiúr do muillinn ghaoithe
Pictúir do sheirbhísí brú agus dearadh
Pictiúr do cabhail catamarán a dhéantar don comhlacht francach, 2win
Pictiúr do uilrlis mechniúil