ÉireComposites

Déanann ÉireComposites sainchúram de dhéantúsaíocht, dearadh, agus forbairt struchtúr agus teicneolaíocht chomhchodach. Ag baint leas as taithí os cionn 25 bhliain, saineolas domhain, agus an-chur amach ar ábhar, déanann ár bhfoireann difríocht ábhartha i gcónaí in eitlíocht, spás, fuinneamh inathnuaite, agus soghluaisteacht.

Tá raon de luachanna lárnach in ÉireComposites, ag dul i bhfeidhm ar conas a dtugann ár bhfoireann aghaidh ar obair agus ar an gcaoi a dhéanaimid caidreamh le páirtí leasmhara: Ard-chaighdeán; Sábháilteacht; Taighde den chuid is úire; an Comhshaol; Gnó eiticiúil; Caidrimh fhónta; an Ghaeilge agus Cultúr na hÉireann.

Cuirtear leis na luachanna seo trínár liosta bhreá creidiúnaithe, ár bPlean Chúraim Shóisialta Chorparáidigh, agus ár bPolasaí Comhshaoil, ag athrú ár bhfocla go dtí beartanna intomhaiste do mhaitheas an domhain mhóir.

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Tá tacaíocht tugtha ag Údarás na Gaeltachta do ÉireComposites ón tús, é ag tabhairt cúnaimh chun suíomh feiliúnach a aimsiú do fhorbairt an chomhlachta sa Choill Rua, Indreabhán. Thar na blianta, sholáthraigh an tÚdaráis freisin maoiniú ríthábhachtach chun tacú le fás an chomhlachta agus chun forbairt teicneolaíochtaí nua a chothú. Tá a thacaíocht thar a bheith luachmhar, ní hamháin i bhforbairt ghnó ach freisin trí an Ghaeilge a imeascadh inár gcultúr comhlachta, ag deimhniú go bhfanfaidh sí mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht.

Tuilleadh eolais