Aran Biomedical

Bhog Proxy Biomedical Ltd go dtí an Spidéal in Aibreán 2007 agus tá sé i mbun déantúsaíochta ansin ar tháirgí bithábhair don earnáil eolaíochta beatha ó thús Bhealtaine 2007.

Déanann Aran Biomedical dearadh, forbairt agus réitigh déantúsaíochta i bhfeistí leighis a théann isteach sa cholainn agus freisin soláthraíonn siad an táirge nuálacha is solúbtha rud a chinntíonn rath agus fás leanúnach an chomhlachta.

Image of laser processing at Aran Biomedical

Conas a chabhraigh an tÚdarás?

Sholáthraigh an tÚdarás áis déantúsaíochta don chomhlacht agus de réir mar a bhí an comhlacht ag dul i méid tugadh breis spáis dóibh chomh maith le deontais bunaithe ar riachtanais an chomhlachta ag an am. Tá os cionn 80 duine fostaithe ann faoi láthair agus is céimithe Ollscoile an chuid is mó díobh sin, agus tá an plean Cultúir agus Teanga i bhfeidhm sa chomhlacht freisin.

Tá tagairt in ainm an chomhlachta d’Oileáin Árann, bailiúchán de thrí oileán atá suite i gCuan na Gaillimhe agus atá díreach trasna na farraige ón áit ar a bhfuil an comhlacht suite.

Tuilleadh eolais

Image of the Aran Biomedical Cleanroom
Ultrasonic Welding
Aran Biomedical Staff Photo
Dip Coating