Limistéir & Ceanneagraíochtaí_OLD

Dr. Victor Bayda
Dr. Victor Bayda, Oifigeach Pleanála Teanga do Chiarraí Theas

Seo thíos comhdhéanamh na Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta. Is féidir teorainneacha na Limistéar seo a fheiceáil ar an amharcóir don Chóras Faisnéise Geografaí ar fáil anseo.

Mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá suite laistigh de Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ina ndeirtear go ‘dtosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.’ Faoin Acht, déanfar an Ghaeltacht, mar atá sí faoi láthair, a athshainiú mar Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna limistéir éagsúla.

Tabharfar aitheantas freisin do ról na mBailte Seirbhíse Gaeltachta maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin, ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla.

Priomhphointí

  • Déanfaidh An Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta 26 Limistéar Pleanála Teanga agus 16 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a fhógairt.
  • Nuair a fhógrófar na Limistéir Pleanála Teanga agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta éagsúla, beidh deis ag eagraíochtaí iarratas a chur faoi bhráid Údarás na Gaeltachta le plean teanga comhtháite a ullmhú. Beidh An tÚdarás freagrach as Ceanneagraíocht pleanála teanga i ngach Limistéar a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Beidh an tÚdarás freagrach freisin as Ceanneagraíocht pleanála teanga i ngach Baile Seirbhíse Gaeltachta atá suite i Limistéar Pleanála Teanga a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Roghnófar an eagraíocht is fearr a léiríonn a gcumas chun úsáid na Gaeilge a mhéadú sa teaghlach, sa phobal, sa chóras oideachais, go sóisialta agus i gcúrsaí gnó.
  • Beidh tréimhse suas le 2 bhliain ag na heagraíochtaí a roghnófar chun pleananna teanga a ullmhú. Cabhróidh an tÚdarás leis na heagraíochtaí na pleananna seo a ullmhú. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna seo ná cur le húsáid na Gaeilge chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.
  • Tar éis don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta measúnú a dhéanamh ar na pleananna i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá foilsithe, déanfaidh an tAire iad a fhaomhadh faoin Acht agus aithneofar na limistéir mar Limistéir Phleanála Teanga Gaeltachta agus na bailte mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.
  • Beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna a chur i bhfeidhm.
  • Déanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.
  • Beidh cuidiú ar fáil ó Údarás na Gaeltachta do na Ceanneagraíochtaí a roghnófar leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
  • Beidh na Ceanneagraíochtaí a roghnófar ag comhoibriú le struchtúir pobail a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, struchtúir ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo., na hionaid cúraim leanaí, Muintearas Teo., Ealaín na Gaeltachta Teo, eagraíochtaí forbartha pobail, coistí agus cumainn dheonacha mar aon leis na hIonaid Seirbhísí Teanga.

Clár Ama agus Próiseas Roghnúcháin na nEagraíochtaí

1. Fógrófar na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta atá roghnaithe chun tús a chur leis an bPróiseas Pleanála Teanga.

Tá fógra foilsithe le gairid i dtaca leis na Limistéir Pleanála Teanga seo leanas:

  • Bearna & Cnoc na Cathrach
  • Oirthear Chathair na Gaillimhe
  • An tEachréidh

Tá liosta iomlán de na Limistéir Pleanála Teanga ar fáil anseo.

2. Ar fhógairt LPT don Aire, cuirfidh Údarás na Gaeltachta fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí/grúpaí pobail le bheith mar Cheanneagraíocht pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga.

3. Tabharfar tréimhse suas le dhá mhí d’aon eagraíocht ar spéis léi iarratas a dhéanamh le bheith mar Cheanneagraíocht pleanála teanga foirm iarratais a líonadh agus a chur ar ais chuig an Údarás.

4. Déanfaidh coiste measúnaithe na hiarratais a mheas. Déanfar gearrliosta de na hiarratasóirí agus cuirfear faoi agallamh iad, más gá.

5. Mairfidh an próiseas measúnaithe suas le dhá mhí ó dháta dúnta na n-iarratas.

6. Tar éis an próiseas measúnaithe a bheith críochnaithe, roghnófar an Cheanneagraíocht le tabhairt faoin bPróiseas sa Limistéar Pleanála Teanga cuí.

Ceanneagraíochtaí Roghnaithe

Tá Ceanneagraíochtaí roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga atá faoina gcúram. Beidh na Ceanneagraíochtaí seo ag comhoibriú leis an Údarás agus le struchtúir pobail, a bhfuil ról lárnach acu i gcaomhnú agus i neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, le plean teanga a réiteach. Beidh tréimhse suas le dhá bhliain ag an gCeanneagraíocht le plean teanga a réiteach agus beidh an tÚdarás ag cur gach comhairle agus tacaíocht is féidir ar fáil dóibh agus iad ag dul i mbun oibre. Seo a leanas na Ceanneagraíochtaí atá roghnaithe go dtí seo:

  • Tuaisceart Dhún na nGall
    Céim Aniar Teoranta – Íoslódail an Plean
  • Cloich Cheann Fhaola
    Pobal Eascarrach Teo, An tSean Bheairic Teo agus Coiste Pobail ghort a’ Choirce – Íoslódail an Plean
  • Toraigh
    Comharchumann Thoraí Teo – Le Theacht
  • Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir i nDún na nGall
    Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, f/ch Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo – Íoslódail an Plean
  • Na Rosa
    Forbairt na Rosann Teo – Íoslódail an Plean
  • Árainn Mhór
    Comharchumann Oileán Árainn Mhóir Teo – Íoslódail an Plean
  • An Ghaeltacht Láir
    Gleann Fhinne Faoi Theorainn Rathaíochta – Le theacht
  • Dún na nGall Theas
    Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Teoranta – Íoslódail an Plean
  • Maigh Eo Thuaidh
    Gaeilge Iorrais, f/ch Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo – Íoslódail an Plean
  • Maigh Eo Thiar
    Comhlucht Forbartha Áitiúil Acla Teo – Le theacht
  • Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh
    Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo – Íoslódail an Plean
  • Conamara Láir
    Forbairt Chonamara Láir Teo – Íoslódail an Plean
  • An Cheathrú Rua
    Comharchumann Mhic Dara – Íoslódail an Plean
  • Ceantar na nOileán
    Comhairle Ceantar na nOileán Teo – Íoslódail an Plean
  • Oileáin Árann
    Comhar Caomhán Teo – Le theacht
  • Cois Fharraige
    Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga (faoi chúram Chomharchumann Shailearna agus Chomhlacht – Íoslódail an Plean
  • Forbartha an Spidéil Teo
    An Spidéal, Co na Gaillimhe – Le theacht
  • Maigh Cuilinn
    Forbairt Mhaigh Cuilinn Teo – Íoslódail an Plean
  • Bearna & Cnoc na Cathrach
    Coiste Pleanála Teanga Bhearna & Chnoc na Cathrach – Le theacht
  • Oirthear Chathair na Gaillimhe
    An Bruach Thoir – Le theacht
  • An tEachréidh
    Coiste Stiúrtha Plean Teanga an Eachréidh – Le theacht
  • Ciarraí Thiar
    Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo – Íoslódail an Plean
  • Ciarraí Theas
    Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas Teo – Íoslódail an Plean
  • Múscraí
    Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo – Íoslódail an Plean
  • Cléire
    Comharchumann Chléire Teo – Le theacht
  • Na Déise
    Comhlucht Forbartha na nDéise – Íoslódail an Plean
  • Ráth Chairn & Baile Ghib
    Comharchumann Ráth Chairn Teo – Íoslódáil an Plean