Spásanna i gCeardlann An Spidéil

An Spidéal, Gaillimh, H91 HX78

Map

Tá dhá aonad saor faoi láthair i gCeardlann An Spidéil agus táimid ag tabhairt cuireadh d’iarratais ó dhaoine atá sa tionscal ceardaíochta agus a bhféadfadh suim a bheith acu sna haonaid seo a fháil ar cíos.

Tabharfar tús áite dóibh siúd atá ag feidhmiú i ndéantúsaíochta ceardaíochta (mar shampla cróise/bróidnéireacht, ealaíon/péinteáil dhúchasach áitiúil, déantús táirgí lámhdhéanta cnis/craiceann dhúchasacha áitiúil, coinnle lámhdhéanta, fíodóireacht, gloine, potaireacht, cruthú ciseán, snoíodóireacht adhmaid agus seodra) agus a bhfuil ard chumas sa Ghaeilge acu. Chomh maith le sin bheadh sé ríthábhachtach go mbeadh an té rathúil ag feidhmiú san ionad go rialta.

 

Tá cóip den fhoirm iarratais ar fáil ach nóta a sheoladh go eolas@udaras.ie  agus Spás sa gCeardlann a chur mar ábhar an rphoist.