Aonad 4C – An Cheathrú Rua

Páirc Ghnó na Ceathrún Rua,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
H91 D832

Map

Tá an monarcha seo lonnaithe i mbaile álainn tuaithe na Ceathrún Rua. Ní bheidh cúrsaí tráchta ná páirceála ag déanamh imní duit sa gceantar seo. Tá fáil ar neart seirbhísí sa gceantar, seirbhís maith bus, siopa grósaera, siopa bláthanna, siopa crua-earraí, comhar creidmheasa, cógaslann, bialanna/caiféanna, tithe tábhairne, bunscoil agus meánscoil.

 

Cur Síos Gairid ar an bhfoirgneamh

Monarcha ar eastát tionsclaíochta

Spás de 572m2

Neart Spás Páirceála

Bá Lódála

Rochtain 24/7

Suíomh

Tá an monarcha seo suite thart ar dhá chiliméadar ó Shráidbhaile na Ceathrún Rua, 42 ciliméadar siar ó Chathair na Gaillimhe.

Tá aersheirbhís ar fáil ó thrí aerfort: Aerfort Chnoc Mhuire 117km, Aerfort na Sionainne 136km agus Aerfort Bhaile Átha Cliath 256km.

Téann 13 seirbhís Bus Éireann go Gaillimh go laethúil.

Tá Institiúid Tríú Leibhéal lonnaithe sa gceantar, Aonad de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá na hinstitiúidí seo a leanas ag freastal ar an gceantar: Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

 

Cur Síos Mion

Tá urlár amháin sa monarcha seo, tá leithris mar aon le cistin ann. An soláthar reatha leictreachas ná 15kVA agus soilse ionsúite. Is ola an córas teasa atá anseo. Níl aon nasc leathanbhanda ann, ach tá fáil ar leathanbhanda ardluais. Tá rataí tráchtála & uisce iníoctha le Comhairle Contae na Gaillimhe agus Uisce Éireann.

Eolas iarrfaidh agam ar Frank.

 

Tacaíochtaí Airgeadais do Ghnóthaí

Tá Údarás na Gaeltachta in ann réimse dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnóthaí incháilithe agus do chomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla chun dul i mbun gnó nó chun lonnú agus forbairt a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta comhlachtaí sa nGaeltacht lenár gcúnamh.

Tá cúnamh ar fáil ag clúdach réimse earnálacha incháilithe ó mhicreaghnóthaí go comhlachtaí móra i réimsí cosúil le:

  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT)
  • Déantúsaíocht Chomhaimseartha agus Nideoige
  • Seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Feistí Leighis agus Cógaisíochta
  • Ábhar Closamhairc agus Digiteach
  • Fiontraíocht Ghaeilge bunaithe
  • Próiseáil Bia
  • Feirmeoireacht agus Próiseáil Éisc
  • Turasóireacht Chultúrtha
  • Ealaín agus Ceardaíocht
  • Fiontair Phobalbhunaithe
  • Acmhainní Nádúrtha

Más ag machnamh ar do ghnó a leathnú go dtí réimse nua, teacht ar mhargaí nua, táirge nua a fhorbairt nó do ghnó a éagsúlú i dtreo nua atá tú, seans go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú leat.

Tacaíochtaí Maoine

Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. San áireamh anseo tá:

  • Suíomhanna Tionsclaíochta
  • Páirceanna Gnó
  • Ionaid Fiontraíochta
  • Spásanna Oifige
  • Aonaid Gnó do Ghnóthaí Nuabhunaithe
  • Suíomhanna Forbartha
  • Ionaid Cheardaíochta

Tá foirgnimh ar fáil ag rátaí cíosa iomaíocha agus tá leas le baint ag gnóthaí as socruithe léasa solúbtha. Is féidir athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh le riachtanais ghnó a shásamh agus iad a ligean ar léas mar chuid de chlár tacaíochta fiontraíochta.