Aonad 4B, Páirc Gnó Clochán na nUagh

Aonad 4B
Páirc Gnó Clochán na nUagh
Baile and Sceilg
V23 H938

Map

Tá Aonad 4B, Páirc Gnó Clochán na nUagh, Baile an Sceilg V23 H938 ar fáil ar léas do ghnóthaí incháilithe. Suite lámh le gteic@Uíbh Ráthach, is spás 121 m2 atá i gceist, doirse comhla rollta, báid luchtaithe, spás páirceála fairsing agus cead isteach 24/7. Tá leictreachas trí chéim agus leathanbhanda snáthoptaice ar fáil ar an suíomh.

Chun an incháilíocht do ghnó a mheas, déanfar measúnú ar phleananna gnó, a thagann le cuspóirí ginearálta forbartha an Údaráis agus a thacóidh le forbairt deiseanna fostaíochta agus seirbhísí nua i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Is féidir an t-aonad a chur in oiriúint chun freastal ar na riachtanais ar leith a bheadh ag an tionscadal.

Déan teagmháil linn chun moltaí imlíneacha a phlé nó chun breis eolais a fháil.

Mar chuid de do léiriú spéise foirmeálta, ba chóir an t-eolas seo a leanas a bheith san áireamh

• Achoimre Fheidhmiúcháin ar an bhfiontar
• Plean gnó agus airgeadais
• Fostaíocht
• Ról na Gaeilge sa ghnó

Seol do iarratas chuig SuiomhIdirlionCiarrai@udaras.ie roimh 5.oo in. ar an Aoine an 25.09.26.