Is féidir cárta fisiciúil nó digiteach a cheannach ar líne nó i bpearsan, agus é a chaitheamh i níos mó ná 300 gnólachtaí Gaeltachta thar Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí, An Mhí agus Port Láirge.

Nochtaigh Údarás na Gaeltachta Cárta na Gaeltachta roimh na Nollag, cárta féirín amháin do na réigiún Gaeltachta ar fud na tíre. Is féidir an cárta a chaitheamh i níos mó ná 300 gnólachtaí Gaeltachta thar seacht gcontae, Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Corcaigh, Ciarraí, An Mhí agus Port Láirge, le siopaí, bialanna, óstáin, tithe tabhairne agus seirbhísí san áireamh.
Tá Cárta na Gaeltachta ar fáil i bhfoirm fhisiciúil agus dhigiteach agus is féidir é a cheannach ar líne agus i bpearsan in ionaid ar fud na Gaeltachta. Is féidir le cártaí fisiciúla agus digiteacha a chur le sparáin dhigiteacha, a chuireann ar a chumas do chustaiméirí 'tapáil chun íocadh' le gnólachtaí Gaeltachta rannpháirteachta.
Gach uair a úsáidtear an cárta, téann sé chun tairbhe phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus fanann an t-airgead sa cheantar. Ní ghearrtar aon choimisiún ar na gnólachtaí rannpháirteacha, rud a chiallaíonn go dtéann luach iomlán gach ceannacháin díreach chucu.
Tá suíomh ceannacháin corparáideacha d'eagraíochtaí atá ag iarraidh an cárta a úsáid mar bhronntanais foirne leis an Díolúine i leith Sochar Beag (Small Benefit Exemption), agus tá féidearthachtaí ann an cárta a sheoladh ag am agus dáta ar leith.
Glacann réimse leathan miondíoltóirí Gaeltachta le Cárta na Gaeltachta cheana féin, siopa ilrannach oidhreachta Standún sa Spidéal, comharchumann pobal The Cope atá ag freastail ar Iarthair Dhún na nGall le 120 bliain, branda potadóireachta ardchaighdeán Louis Mulcahy in Iarthar Chiarraí, siopa dearadh Éireannach sa Daingean The Coach House, gnó-teaglaigh siopa crua-earraí agus fearais leictreacha Tigh Nioclás Ó Conchubhair Teo, agus an-chuid eile.
Tá gnólachtaí bia agus dí rannpháirtíoch freisin, cosúil le The Rusty Mackerel, teach tabhairne ag a bhfuil duaiseanna buaite aige i nDún na nGall, café agus bácús Gaeilge Builín Blasta i gConamara, teach tabhairne traidisiúnta agus bialann mara Ti Joe Watty ar Árainn, bialann An Crúiscín Lán, gastraphub Coynes, Drioglann Croithlí i nDún na nGall a bhí ainmnithe mar tháirgeoir dí na bliana ag Good Food Island Awards 2026, Dingle Distillery agus pub spórt Páidí Ó Sé i gCiarraí.
Cuimsíonn na heispearas turasóireachta atá clúdaithe ag Cárta na Gaeltachta Glencolmcille Folk Village i nDún na nGall, eachtraí mara thar Slí an Atlantaigh Fhiáin le Blacksod Sea Safari, eispearas clainne The Achill Experience, cúrsaí agus saoire Gaeilge le Oideas Gael, gnó clainne ocht glúnta Aran Island Sweaters ar Inis Móir, agus monarchan Seacláidí na Sceilige. Tá óstáin clúdaithe freisin le The Mills Inn i nGaeltacht Mhúscraí, Dingle Skellig Hotel, Erris Coast Hotel i Maigh Eo, Benners Hotel sa Daingean agus Lough Inagh Lodge i gConamara.
Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary:
“Is sampla den scoth é Cárta na Gaeltachta den chaoi ar féidir leis an nuálaíocht tacú le forbairt eacnamaíoch áitiúil. Cuireann cur i bhfeidhm rathúil na scéime ardán luachmhar ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta custaiméirí nua a mhealladh, agus spreagann sé daoine chun airgead a chaitheamh go háitiúil agus infheistíocht a dhéanamh go díreach ina bpobail féin. Cuirim fáilte mhór roimh an tionscnamh seo agus déanaim comhghairdeas leis na páirtithe uile a raibh baint acu lena chur i gcrích. Léiríonn an scéim seo neart agus acmhainn gheilleagar na Gaeltachta agus cabhróidh sí lena chinntiú go leanfaidh rath na ngnólachtaí na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Is ceiliúradh é Cárta na Gaeltachta ar an tairiscint ghnó uathúil ar fud na Gaeltachta a thairgíonn seirbhísí agus táirgí ar ardchaighdeán. Is féidir Cárta na Gaeltachta a chaitheamh i gcomhlachtaí Gaeltachta amháin atá cláraithe, rud a chiallaíonn go bhfanann an caiteachas sin laistigh den gheilleagar áitiúil, agus táthar ag súil le infheistíocht suntasach sna ceantair Gaeltachta mar thoradh air. Mholfainn do gach éinne a dtacaíocht do chomhlachtaí Gaeltachta a léiriú an Nollaig seo agus go sonrach inniu ar Black Friday nó Aoine Mhór na Siopadóireachta, tríd an cárta féirín nua seo a roghnú mar bhronntanas nó mar luaíocht d’fhostaithe.”
Is cuid den líonra Town & City Gift Cards, ag a bhfuil iliomad duaiseanna buaite acu, é Cárta na Gaeltachta, atá gníomhach trasna na hÉireann agus tar éis níos mó ná €30 miliúin i gcaiteachas áitiúl a sheacadadh sa tír go dtí seo.
Dúirt Mark Cunningham, Bainisteoir Forbartha Gnó, le Town & City Giftcard:
"Tá muid tar éis a bheith ag obair as lámh a chéile le hÚdarás na Gaeltachta le bliain anuas chun réimse leathan gnólachtaí áitiúla a fháil ar boird. Is iontach an tairiscint atá ar fáil le Cárta na Gaeltachta agus is é an cárta is uallmhianaí atá forbartha againn go dtí seo, cárta amháin le haghaidh seacht contae. Le tacaíocht ó Mastercard, cuireannn an teicneolaíocht taobh thiar do Cárta na Gaeltachta ar chumas daoine an cárta a sheoladh go héasca agus ar chumas an fhaighteora é a chaitheamh go héasca sna ghnólachtaí Gaeltachta atá roghnaithe acu, le féidearthachtaí cártaí fisiciúla agus digiteacha a chur le sparáin Apple agus Google chun tuilleadh solúbthacht a thabhairt don chustaiméir."
Le cárta amháin, is féidir leis an bhfaighteoir scoth na dtáirgí agus seirbhísí Gaeltachta a fháil, ó siopadóireacht, go béilte, go heispéaras agus lóistín. Beidh an cárta oiriúnach do bhronntanais i rith na bliana, do thuismitheoirí le tabhairt go páistí ag tabhairt cuairt ar an nGaeltacht thar saoire an tsamhraidh, agus d'eagraíochtaí le bronntanais a thabhairt dá bhfoireann, ag seachadadh roghanna áitiúla den scoth dá bhfoireann mar aon le tacaíocht do ghnólachtaí Gaeltachta.