Gradam Phádraig Uí Aoláin buaite ag Páirc Uile-Aimsire i nGaeltacht Phort Láirge

Tugann Údarás na Gaeltachta aitheantas do scoth na dtograí agus eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta ag Gradaim na Gaeltachta 2026

20 Samhain, 2026

nóiméad léite

Bhí oíche ceiliúradh Gradaim na Gaeltachta 2026 in Óstán Chois Fharraige ar an Déardaoin 19 Samhain le haitheantas a thabhairt do thograí agus eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta. Bronnadh ollduais na hócáide 'Gradam Phádraig Uí Aoláin' ar an bhfiontar pobail Páirc Uile Aimsire tógtha ag coiste deonach i gceantar na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge.

Gradam Phádraig Uí Aoláin

Nua-bhunaithe don ócáid anuraidh, bronnadh ollduais na hócáide 'Gradam Phádraig Uí Aoláin' ar an bhfiontar pobail Páirc Uile-Aimsire tógtha ag coiste deonach i gceantar na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge. Cruthaíodh an gradaim chun ómós a léiriú do Phádraig Ó hAoláin, Iarphríomhfheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta.

Tiobradach ildánach as Cloch Shiurdáin ó dhúchas ab ea Pádraig Ó hAoláin. Ba sna 1970í a chuir sé féin agus a theaghlach óg fúthu sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara. Chuir sé comharchumainn, fostaíocht agus iliomad tograí pobail chun cinn le linn a thréimhse mar phríomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Neasa Ní Aoláin ar son Clann Uí Aoláin

"Is mór an onóir dár gclann go mbeidh gradam Phádraig Uí Aoláin á bhronnadh arís i mbliana. Tá caighdeán ard tionscnaimh ar siúl timpeall na tíre maidir le forbairt pobail agus is mór an ócáid é seo bheith ag bronnadh duais náisiúnta ar cheann acu. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh cuimhní Phádraig á gceiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta."

Bronnadh duaiseanna eile thar réimse leathan chatagóir d’obair atá ag cur le beocht eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na gceantar Gaeltachta.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail & Teanga, Údarás na Gaeltachta: 

“Is deis í seo aitheantas a thabhairt don obair cheannródaíoch atá ar bun ag eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta ar mhaithe lena bpobail a chur chun cinn, an Ghaeilge a neartú, seirbhísí a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú. Scaití is obair í a déantar go ciúin agus i ngan fhios. Feictear dúinn go bhfuil sé tábhachtach meas a léiriú ar an méid atá á dhéanamh agus a chinntiú go mbíonn eolas ag pobal na Gaeltachta ar na tograí breátha atá á bhforbairt ina gceantar féin”

 

Coistí Pobail

 

Gradam Phádraig Uí Aoláin agus Buaiteoir Réigiúin an Deiscirt

Fiontar Pobail – Páirc Uile-Aimsire

Tá Páirc Uile Aimsire tógtha ag coiste deonach i gceantar na Rinne i nGaeltacht Phort Láirge. Cuirtear deis ar fáil d’imreoirí de gach aoisghrúpa páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt éagsúla i rith na bliana.

 

Buaiteoir Réigiúin an Iarthair

Seid na bhFear agus na mBan Cheantar na nOileán

Tá an seid ag cur seirbhís ríthábhachtach ar fáil do mhuintir Cheantar na nOileán agus na gceantar máguaird ina dtagann daoine idir fhir agus mhná le chéile 4 oíche in aghaidh na seachtaine chun oibriú ar thograí éagsúla.

 

Buaiteoir Réigiúin an Tuaiscirt

Comhlacht an Halla Mór CTR

Tá obair mhór déanta ar Chéim 1 d’Athfhorbairt An Halla Mór ar an gClochán Liath agus an halla mar lárionad sóisialta don phobal anois.

Cuireann Gradaim na Gaeltachta béim ar an gcruthaitheacht agus ar an dúthracht atá le feiceáil i measc eagraíochtaí pobail na Gaeltachta. Tá na tograí seo ina n-eiseamláir den chaoi a bhfuil pobail ag dul i ngleic le dúshláin agus ag tapú deiseanna chun saol na gceantar a fheabhsú, an teanga a neartú, agus todhchaí inbhuanaithe a chinntiú don Ghaeltacht.

 

Buaiteoirí na gCatagóirí 

Togra Turasóireachta  

An Chéad Áit

Ionad Cuimhneacháin na nImirceach CTR éispearas cuairteoira nuaaimseartha a nascann stair, cultúr agus féiniúlacht a phobail i láthair ar bhealach tarraingteach.

An Dara hÁit

Comhlacht Pobail Shliabh Liag, Sliabh Liag

Treoir leabhar digiteach a chuireann eolas, léirmhíniú agus treoir ar fáil do chuairteoirí i bhformáid nua-aimseartha agus inrochtana.

Togra Óige 

An Chéad Áit

Coiste Forbartha Dhobhair – Ionad Naomh Pádraig

Is togra samhlaíoch, cuimsitheach seirbhíse sóisialta é an togra seo atá dírithe ar úsáid na Gaeilge a neartú agus a chur chun cinn i measc páistí, daoine óga agus teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dara hÁit

Comhlacht Forbartha an Spidéil CTR

Togra nuálaíocht agus cruthaitheach lán-Ghaeilge inar tugadh deis do ghasúir na Gaeltachta cuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollag.

Togra Gaeltacht Glas 

An Chéad Áit

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Is tionscadal faoi stiúir an phobail é Bia’s Beatha atá bunaithe ar thrí cholún na hinbhuanaitheachta a neartóidh buntáistí sóisialta, eacnamaíochta agus comhshaoil athléimneacht phobal Mhúscraí.

An Dara hÁit

Áislann Rann na Feirsde

Margadh cruthaitheach athúsáide, Caifé Cóirithe (caifé deisiúcháin saor in aisce) agus Vinted Beo – togra ina dtugtar an pobal le chéile agus a iompaíonn dramhaíl ina healaín.

Togra Seirbhísí Sóisialta 

An Chéad Áit

Comhlacht Forbartha an Tearmainn

Rothaíocht Uilechuimsitheach a chuireann seirbhís ar fáil do gach aoisghrúpa. Cuirtear oiliúint ar fáil do ghasúir an cheantair chomh maith le áiseanna rothaíochta ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

An Dara hÁit

Comharchumann Chléire Teo

Forbairt déanta ar Pháir Spraoi an Róis Bhuí ar Chléire atá ina áit sábháilte d’aos óg an oileáin.

Togra Cultúir, Ealaíne & Oidhreachta 

An Chéad Áit

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Is togra é Scoil na Crannóige ará bunaithe ar thrí phríomh-choincheap: foghlaim, rochtain agus taitheí. Cuirtear deiseanna foghlamtha ar fáil do dhaoine óga chomh maith le deiseanna taithí stáitse a fháil.

An Dara hÁit

Comharchumann Shailearna Teo

Is féile ildisciplíneadh ealaíon agus cultúir Ghaeilge í Scoil gheimridh Joe Steve atá aimnithe in ómós an scríbhneora, drámadóra agus an chraoltóra mór le rá Joe Steve Ó Neachtain.

 

Togra Fiontair Shóisialta 

An Chéad Áit

Comharchumann Ráth Chairn

Tá Comharchumann Ráth Chairn ag rith Siopa Ráth Chairn, ón mbliain 2023, a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail chomh maith le bheith ag cur fostaíocht ar fáil sa gceantar.

An Dara hÁit

Club Mara Chonamara Láir

Mol spóirt pobalbhunaithe atá lonnaithe i gceantar Charna a bhfuil tionchar an-dearfach aige ar an bpobal ar a bhfreastalaíonn sé agus súil cur leis na háiseanna agus seirbhísí a chuireann siad ar fáil.