
Cúig mí ó shin, sheol Údarás na Gaeltachta Clár Ceannais LLM na Gaeilge, an chéad togra dá leithéid, a dhéanann meastóireacht chuimsitheach ar éifeachtacht córas Intleachta Saorga (IS) sa Ghaeilge. Forbraíodh é i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Luimnigh, agus taighdeoirí neamhspleácha, agus tugann an clár ceannais trédhearcacht ar an cheist: cé chomh maith agus a fhreastalaíonn IS nua-aimseartha ar chainteoirí Gaeilge?
Sa dara nuashonrú seo, rinneadh measúnú ar sheacht múnla breise, agus trí mhúnla le meáchain oscailte ina measc — Mistral-Medium 3.5, Mistral-Medium 3.5 (no-thinking), GLM 5.2 (no-thinking), Gemini Flash 3.5, GPT 5.2, GPT 5.5, agus Claude Fable 5 — rud a thug líon iomlán na múnlaí atá measúnaithe go 20.
Cé gurbh iad múnlaí Gemini barr feabhais na LLManna sa Ghaeilge sa chlár ceannais deirineach, sháraigh múnla Claude Fable iad go léir, agus is é atá ar bharr an chláir anois. D’éirigh le múnla níos úire de Gemini Flash, leagan 3.5, áit a bhaint amach sna cúig cinn is fearr ach, rud spéisiúil, fós níor éirigh chomh maith leis ‘s a d’éirigh leis na leaganacha níos luaithe, 3.0 agus 3.1. Bhain GPT 5.5 de chuid OpenAI áit amach sna cúig cinn is fearr chomh maith.
Mar a fuaireamar amach cheana, ní gá go dtiocfadh feidhmíocht níos fearr i dteangacha ar bheagán acmhainní ar nós na Gaeilge de bharr an fheabhais incrimintigh a ghnóthaíonn múnlaí sa Bhéarla trí scálú suas. I dteaghlach GPT 5 de chuid OpenAI, mar shampla, cé go sáraíonn 5.5 feidhmíocht 5.0, níor sháraigh 5.2 é. Idir an dá linn, is ísle scór Gemini Flash 3.5 de chuid Google ná scór Gemini 3.0 (go háirithe i dtagarmharc Irish-BLiMP). D’fhéadfadh sé nach bhfuil mórán ceangail idir an rud atá á bharrfheabhsú ag taighdeoirí na hintleachta saorga agus an rud atá riachtanach chun feabhas a chur ar fheidhmíocht sa Ghaeilge.
Tá comhghaol scaoilte ann fós idir an feabhas feidhmíochta a bhaineann glúnta nua múnlaí amach agus feidhmíocht sa Ghaeilge. I gcás an nuashonraithe seo, sháraigh Claude Fable feidhmíocht Claude Opus go suntasach ar gach tagarmharc sa chlár ceannais.
Do phobail Ghaeltachta, foghlaimeoirí, agus cruthaitheoirí ábhair Ghaeilge, tá tábhacht ag baint leis na hathruithe seo go praiticiúil agus go teoiriciúil araon: is féidir leis an chóras a roghnaítear tionchar a imirt ar cé chomh maith agus a bheidh taithí an duine ar an Ghaeilge a úsáid.
Sa nuashonrú seo, fágadh ar lár tagarmharc a bhí sáithithe, agus tá sé beartaithe againn mar chéad chéim eile meastóireacht a dhéanamh ar mhúnlaí nua ceannródaíocha chomh maith le héascú a dhéanamh ar chruthú agus ar chuimsiú tagarmharcanna nua a théann níos doimhne i bhfeidhmíocht LLManna sa Ghaeilge, seachas líofacht éadomhain.
Tá Clár Ceannais LLM na Gaeilge ar fáil saor in aisce anseo. Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chomhoibriú leanúnach ó fhorbróirí IS, ó institiúidí acadúla, agus ó chomhlachtaí teanga a roinneann an sprioc, go mbeidh an Ghaeilge á húsáid go dáiríre ag córais IS, leis an líofacht, an chruinneas, agus an tuiscint chultúrtha a thuilleann an teanga.