Meabhrán Tuisceana sínithe againn le BIA Innovator Campus

18 Samhain, 2026

nóiméad léite

Ag síniú an Mheabhráin Tuisceana idir Údarás na Gaeltachta agus BIA Innovator Campus i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe: Peter Feeney, Cathaoirleach BIA Innovator Campus agus Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Meabhrán Tuisceana sínithe againn le BIA Innovator Campus i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Tá spás oibre atá oiriúnach do tháirgeadh bia, ionaid oiliúna cócaireachta agus spás taispeántais ar fáil sa Champas chun tacú le gnólachtaí bia.
Leis an Meabhrán seo, beidh rochtain níos fearr ag gnólachtaí bia agus bia mara na Gaeltachta ar na háiseanna agus ar an saineolas seo. Beidh siad in ann smaointe nua a thástáil, a fhorbairt agus a thabhairt chuig an margadh.
Fáiltíonn muid freisin roimh chomhpháirtíocht straitéiseach nua an Champais le BIM. Beidh an Campas ina bhunáit d’Acadamh Bia Mara BIM, go háirithe do chócairí agus do mhiondíoltóirí bia mara in Iarthar na hÉireann.

Tá acmhainní luachmhara mara agus talún ag an nGaeltacht. Tá muid ag súil le bheith ag obair as lámha a chéile le BIA Innovator Campus.