An tUachtarán Connolly ar a céad chuairt oifigiúil ar Udarás na Gaeltachta

13 Samhain, 2026

nóiméad léite

Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a céad chuairt oifigiúil ar Údarás na Gaeltachta ar an Aoine, an tseachtain chéanna ar chuir sí a céad bhliain in oifig di.

Le linn na cuairte ar Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, bhuail an tUachtarán le baill foirne agus sheol Údarás na Gaeltachta Dúiche: Mol Sonraí na Gaeltachta, ardán nua ar líne a thugann rochtain saor in aisce ar shonraí, ar fhianaise agus ar léargais faoi Ghaeltacht na hÉireann. Cuireadh crann darach ag an Ardoifig chun an ócáid a chomóradh.

Labhair an tUachtarán le foirne éagsúla de chuid Údarás na Gaeltachta faoina gcuid oibre, ina measc:

  • GAIRM, clár an Údaráis do chéimithe
  • Pleananna Teanga i gcliantchomhlachtaí an Údaráis
  • Inbhuanaitheacht agus Tithíocht sa Ghaeltacht
  • Forbairt Pobail agus Fostaíocht ar fud réigiúin na Gaeltachta
  • Dúiche: Mol Sonraí na Gaeltachta

Bhí cur i láthair don Uachtarán freisin ar an ardán nua Dúiche, atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le People and Place Limited.

Foinse amháin do shonraí na Gaeltachta

Tugann Dúiche tacair sonraí údarásacha, deaiseanna idirghníomhacha, mapaí agus próifílí áitiúla bunaithe ar fhianaise le chéile in aon áit amháin. Forbraíodh é mar acmhainn roinnte don Ghaeltacht: d'fhoireann Údarás na Gaeltachta, do phobail áitiúla, do shaoránaigh, do thaighdeoirí agus do lucht déanta beartas.

Is féidir le húsáideoirí iniúchadh a dhéanamh ar threochtaí déimeagrafacha agus socheacnamaíocha ar fud réigiúin na Gaeltachta agus na Limistéar Pleanála Teanga, agus a fheiceáil conas atá pobail ag athrú le himeacht ama. Clúdaíonn Dúiche: Mol Sonraí na Gaeltachta

  • athrú daonra agus déimeagrafach
  • struchtúr aoise
  • tithíocht agus tréithe teaghlach
  • fostaíocht agus gníomhaíocht eacnamaíoch
  • cúinsí socheacnamaíocha
  • tréithe pobail
  • úsáid na Gaeilge

Toisc go gcuirtear an t-eolas i láthair ag leibhéal áitiúil, is féidir le húsáideoirí patrúin a chur i gcomparáid laistigh den Ghaeltacht agus ar fud na Gaeltachta. Ar an mbealach sin, gheobhaidh siad tuiscint níos doimhne ar phobail aonair agus ar Limistéir Pleanála Teanga ar leith.

 

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly

“Mar Uachtarán na hÉireann, tá ríméad orm an deis a bheith agam cuairt a thabhairt ar Údarás na Gaeltachta, plé lena bhfoireann, agus mo bhuíochas a ghabháil leo siúd ar fad as an obair ríthábhachtach atá i mbun acu. Is cúis áthais dom fearadh na fáilte a chur roimh sheoladh “Dúiche: Mol Sonraí na Gaeltachta” agus táim lánchinnte go gcuirfidh sé foinsí eolais sárluachmhara ar fáil do ‘chuile duine a bheidh ag déanamh staidéir ar ár nGaeltachtaí go ceann na mblianta.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin

"Is mór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann chuig oifigí Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu. Tugann cuairt an Uachtaráin deis ceiliúradh a dhéanamh ar an ionchur cultúrtha, teangeolaíoch agus eacnamaíoch ar leith a dhéanann pobail na Gaeltachta d'Éirinn, agus aitheantas a thabhairt do na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn chomh maith céanna.