Gaillimh i gcroílár an phlé Eorpaigh ar thodhchaí na dteangacha i ré na hintleachta saorga

10 Samhain, 2026

nóiméad léite

Tomás Ó Síocháin, CEO, Údarás na Gaeltachta; Minister Dara Calleary TD, Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht; Živilė Plyčiuraitytė-Plyčiūtė, Head of Copyright Policy Unit, Ministry of Culture, Lithuania. and Mary Hurley, Secretary General, Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht
  • Breis agus 250 toscaire ón Eoraip agus níos faide i gcéin bailithe i nGaillimh ar feadh dhá lá
  • An chéad chomhdháil Eorpach dá leithéid dírithe go sonrach ar éagsúlacht teanga agus an intleacht shaorga
  • Imeacht oifigiúil de chuid Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Tháinig deireadh inniu (Dé hAoine, 6 Samhain) i Staid Dexcom, Gaillimh, leis an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Éagsúlacht Teanga agus Teicneolaíocht, imeacht dhá lá a mheall breis agus 250 toscaire go hIarthar na hÉireann. Ba í seo an chéad chomhdháil Eorpach dá leithéid a dhírigh go sonrach ar an ngaol idir éagsúlacht teanga agus an intleacht shaorga, agus d’éirigh léi an Ghaeilge agus teangacha mionlaithe eile a chur chun tosaigh i bplé na hEorpa ar thodhchaí na teicneolaíochta.

Reáchtáil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta an chomhdháil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, mar chuid de chlár imeachtaí Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Thar an dá lá, roinn saineolaithe teanga, taighdeoirí intleachta saorga, lucht déanta beartais agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ó rialtais náisiúnta agus réigiúnacha, ó chomhlachtaí poiblí agus teanga, ó institiúidí taighde agus ón earnáil teicneolaíochta a gcuid saineolais agus taithí. Pléadh, sonraí teanga, meaisínfhoghlaim agus na bealaí ar féidir leis an teicneolaíocht tacú le húsáid laethúil agus le hinbhuanaitheacht teangacha mionlaithe agus réigiúnacha sa saol digiteach.

Ag labhairt dó ag deireadh na comhdhála, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Is léiriú láidir í an chomhdháil seo ar an bhfuinneamh atá ann ar fud na hEorpa chun a chinntiú nach bhfágfar teanga ar bith ar lár sa ré dhigiteach. Thug sí deis luachmhar dúinn, le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, aird a tharraingt ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga don Ghaeilge agus do theangacha mionlaithe eile. Ní ar imeall na ré nua teicneolaíochta ba chóir go mbeadh cultúr ársa na tíre seo ná na hEorpa, ach ina lár.

“Bhí sé thar a bheith spreagúil an oiread sin lucht déanta beartas, pobal teanga, ceannairí teicneolaíochta agus taighdeoirí a fheiceáil bailithe le chéile anseo i nGaillimh, i ngar don Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta bródúil as a bheith páirteach sa chomhrá seo, agus leanfaimid orainn ag obair le comhpháirtithe in Éirinn agus ar fud na hEorpa chun éagsúlacht teanga a choinneáil go daingean ar chlár oibre na hEorpa sna blianta amach romhainn.”

Ag tógáil ar an móiminteam a cruthaíodh i nGaillimh, táthar ag súil go spreagfaidh an chomhdháil tuilleadh comhoibrithe Eorpaigh maidir le teicneolaíochtaí teanga, bonneagar sonraí teanga agus úsáid fhreagrach na hintleachta saorga. Leanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar leis an Roinn agus le páirtithe leasmhara eile, ag tacú le tionscnaimh a fhorbraíonn acmhainní digiteacha Gaeilge, ionas go mbeidh áit láidir ag an teanga i gcórais agus i seirbhísí na todhchaí.